An difríocht idir athruithe ar: "Juan Rulfo"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir tábhachtach Meicsiceach ab ea '''Juan Rulfo''' (fíorainm: ''Juan Nepomuceno Carlos Pérez-Rulfo Vizcaíno''). Rugadh i Sayula (stát Jalisco) i Meicsiceo é ar an 16 Bealtaine agus fuair sé bás i gCathair Mheicsiceo, príomhchathair na tíre, ar an 7 Eanáir 1986. Cé nár fhoilsigh sé riamh ach dhá leabhar, agus iad féin sách seang, glactar leis inniu go raibh tionchar mór aige ar na scríbhneoirí Meiriceánacha Laidineacha agus ar fhorbairt an réalachais draíochta a thuill a gclú dóibh. Scríobh sé úrscéal amháin, ''Pedro Páramo'', agus cnuasach amháin gearrscéalta, ''El Llano en Llamas'' ("An Machaire ar Bharr Lasrach"). Tá an t-úrscéal ar fáil i nGaeilge freisin, ó d'aistrigh Tomás Mac Síomóin é.
 
Cé nach raibh sé bisiúil mar scríbhneoir leabhar, rinne sé an-obair mar scriptscríbhneoir scannán. Chomhoibrigh sé le beirt scríbhneoirí tábhachtacha eile, [[Carlos Fuentes]] agus [[Gabriel García Márquez]], leis an script a scríobh don scannán ''El Gallo de Oro'' ("An Coileach Órga") a tháinig ar an scáileán sa bhliain 1964.
 
Grianghrafadóir éirimiúil a bhí ann freisin, cé nach bhfacthas mórán dá shaothar go poiblí roimh a bhás. Chaith sé tréimhse fhada ina cheannasaí ar Institiúid Náisiúnta na bPobal Bundúchasach (''Instituto Nacional Indigenista''), foras oifigiúil an rialtais Mheicsicigh le haghajdh riarachán chúrsaí na mbundúchasach sa tír, agus san am sin, d'fhéach Rulfo chuige gur doiciméadaíodh saol na bpobal bundúchasach i ngrianghraif agus gur foilsíodh na grianghraif sin faoi chlúdach leabhar.
 
Ba í stair chorrach Mheicsiceo príomhábhar na leabhar a d'fhoilsigh Rulfo, idir [[Réabhlóid Mheicsiceo|réabhlóid]] na mblianta 1910-20 agus [[Éirí Amach na g''Cristeros''|chogadh na g''Cristeros]]'' sa bhliain 1927. Iar-thiarnaí talún ab ea iad a mhuintir a chaill a gcuid tailte agus fáltais i rith na gcogaí seo, agus mar sin, tháinig sé go nádúrtha aige na himeachtaí sin a phlé ina chuid scríbhneoireachta. Is í an stíl insinte ba mhó a thabhaigh a chlú dó, áfach, go háirithe síorláithreacht an bháis san úrscéal. I dtús an úrscéil, téann fear óg darb ainm Juan Preciado ar lorg a athar, Pedro Páramo, lena cheart a éileamh air. Tá a mháthair tar éis bháis, agus nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, d'impigh sí ar Juan Preciado dul i dteagmháil le Pedro Páramo - is é an chuma atá ar an scéal go bhfuil Pedro Páramo tar éis máthair Juan a leagan suas nuair a bhí sí óg, gan bacadh leis an gcailín ná leis an mac ina dhiaidh sin. Téann Juan go Comala, áit a bhfuil cónaí ar Pedro Páramo, ina dhiaidh sin, ach de réir a chéile iompaíonn sé amach go bhfuil Páramo marbh, go bhfuil muintir na háite go léir marbh, agus go bhfuil Juan Preciado féin marbh.
 
{{síol}}