An difríocht idir athruithe ar: "Juan Rulfo"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 3:
Cé nach raibh sé bisiúil mar scríbhneoir leabhar, rinne sé an-obair mar scriptscríbhneoir scannán. Chomhoibrigh sé le beirt scríbhneoirí tábhachtacha eile, [[Carlos Fuentes]] agus [[Gabriel García Márquez]], leis an script a scríobh don scannán ''El Gallo de Oro'' ("An Coileach Órga") a tháinig ar an scáileán sa bhliain 1964.
Grianghrafadóir éirimiúil a bhí ann freisin, cé nach bhfacthas mórán dá shaothar go poiblí roimh a bhás. Chaith sé tréimhse fhada ina cheannasaí ar Institiúid Náisiúnta na bPobal Bundúchasach (''Instituto Nacional Indigenista''), foras oifigiúil an rialtais Mheicsicigh le
Ba í stair chorrach Mheicsiceo príomhábhar na leabhar a d'fhoilsigh Rulfo, idir [[Réabhlóid Mheicsiceo|réabhlóid]] na mblianta 1910-20 agus [[Éirí Amach na gCristeros|chogadh na g''Cristeros]]'' sa bhliain 1927. Iar-thiarnaí talún ab ea iad a mhuintir a chaill a gcuid tailte agus fáltais i rith na gcogaí seo, agus mar sin, tháinig sé go nádúrtha aige na himeachtaí sin a phlé ina chuid scríbhneoireachta. Is í an stíl insinte ba mhó a thabhaigh a chlú dó, áfach, go háirithe síorláithreacht an bháis san úrscéal. I dtús an úrscéil, téann fear óg darb ainm Juan Preciado ar lorg a athar, Pedro Páramo, lena cheart a éileamh air. Tá a mháthair tar éis bháis, agus nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, d'impigh sí ar Juan Preciado dul i dteagmháil le Pedro Páramo - is é an chuma atá ar an scéal go bhfuil Pedro Páramo tar éis máthair Juan a leagan suas nuair a bhí sí óg, gan bacadh leis an gcailín ná leis an mac ina dhiaidh sin. Téann Juan go Comala, áit a bhfuil cónaí ar Pedro Páramo, ina dhiaidh sin, ach de réir a chéile iompaíonn sé amach go bhfuil Páramo marbh, go bhfuil muintir na háite go léir marbh, agus go bhfuil Juan Preciado féin marbh.
|