An difríocht idir athruithe ar: "Linseáil"

3 bytes removed ,  11 bliain ó shin
no edit summary
(~MOS)
Tá an téarma bunaithe ar shloinne an réabhlóidí Mheiriceánaigh Charles Lynch. Bhí an Loingseach seo i gceannas ar chúirt mhírialta i [[Virginia]] le linn [[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá|cogadh réabhlóideach Mheiriceá]], agus é ag imirt phionóis ar na dílseoirí Meiriceánacha - is é sin, na Meiriceánaigh a bhí ag tacú le cúis [[Sasana|Shasana]] in aghaidh na réabhlóidithe Meiriceánacha.
 
Leagan [[Gaeilge]] eile é '''dlí Uí Loingsigh'''. Seo an leagan a bhí ag [[Cosslett Ó Cuinn]] san aistriúchán Gaeilge a rinne sé ar an [[úrscéal]] buachaillí báire le [[Federico Mediante Noceda]], ''Peores que Lobos'' ("Níos measa ná na mic thíre féin" - ach is é "An Ridire Dubh" an teideal Gaeilge). Mar sin, is ionann "duine a linseáil" agus "dlí Uí Loingsigh a imirt ar dhuine".
 
Linseáil is ábhar don amhrán clúiteach le hAbel Meeropol (ainm cleite: Lewis Allan), ''Strange Fruit'', a bhí á chanadh ag [[Billie Holiday]], an t-amhránaí cáiliúil ''blues'', ar fud na mblianta le súil an tsaoil mhóir a tharraingt ar an gcinedheighilt i nDeisceart na Stát Aontaithe.
Úsáideoir gan ainm