An difríocht idir athruithe ar: "An Choirnis"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: bar:Kornisch; cosmetic changes
Líne 6:
|cainteoirí=3,500
|rang=''(Ní sa chéad 100)''
|líne_ghinealaigh=[[Líne ghinealaigh Ind-Eorpaise|Ind-Eorpais]]<br />
&nbsp;[[Teangacha Ceilteacha|Ceilteach]]<br />
&nbsp;&nbsp;[[Teangacha Breatnacha|Breatnach]]<br />
&nbsp;&nbsp;&nbsp;'''Coirnis'''
|teanga_oifigiúil_ginideach=-
Líne 18:
 
Is teanga Cheilteach í an '''Choirnis''' i ngrúpa na dteangacha Breatnacha. D'éag sí san [[18ú haois|ochtú haois déag]] ach tháinig gluaiseacht athbheochana ar an bhfód san [[20ú haois|fhichiú haois]]. Sa lá atá inniu ann, tá meánleibhéal Coirnise ag thart ar 3,500 duine agus tá Coirnis líofa ag tuairim is 300-400 duine.
[[Íomhá:DSCN1948PenrynPrayerBookRebellionMemorial.jpg|thumbmionsamhail|clé[250px|Leac chuimhneacháin [[Éirí Amach an Leabhair Urnaithe]] , gar do Choláiste Glasney, [[Pennrynn]], [[Corn na Breataine]]]]
== Stair agus Dul i Léig ==
 
 
Líne 27:
Meastar gurbh é Cheston Marchant ó Gwithian an cainteoir dúchais Coirnise aonteangach deireanach, fear a fuair bás sa bhliain 1665.<ref>http://www.magakernow.org.uk/index.aspx?articleid=38590</ref> Creidtear gurbh í Dorothy Pentreath an cainteoir dúchais deireanach agus d'éag sí siúd sa bhliain 1777.
 
[[Íomhá:Kernow lb.png|thumbmionsamhail|clé|230px|Léarscáil ar a léirítear dul i léig na teanga i g[[Corn na Breataine]] de réir na mblianta]]
 
== Athbheochan ==
 
Níl muintir Chorn na Breataine ar aon bharúil ar an gcineál Coirnise ab fhearr a athbheochan, áfach. Tá trí leagan den Choirnis athbheoite á n-úsáid inniu, mar atá, an Choirnis Choitianta (''Kernewek Kemmyn''), an Choirnis Aonchineálaithe nó ''Kernewek Unys'', agus an Choirnis Chomhaimseartha. Is í an Choirnis Aonchineálaithe an leagan is sine acu, agus é bunaithe ar Choirnis na ndrámaí mistéireacha ón gcúigiú agus ón séú haois déag. Maidir leis an gCoirnis Chomhaimseartha, tarraingíonn sí ar theanga na gcainteoirí deireanacha dúchais, agus í drogallach go maith roimh fhocail nuachumtha.
Líne 39:
Tá Williams tar éis a leagan féin den Choirnis Aonchineálaithe - an Choirnis Aonchineálaithe Leasaithe, nó ''Kernowek Unys Amendys'', a chur ar fáil ina chuid téacsleabhar (ar nós ''Clappya Kernowek'', a foilsíodh an chéad uair sa bhliain 1997) agus foclóirí (go háirithe ''Gerlyver Sawsnek-Kernowek'', a tháinig i gcló sa bhliain 2000). Níl an Choirnis seo ródhifriúil leis an gCoirnis Aonchineálaithe, ach is minic a roghnaíonn sí focail iasachta ón mBéarla a bhí in úsáid sa teanga thraidisiúnta, in áit na bhfocal sean-Choirnise nó fiú Breatnaise a úsáideann lucht athbheochana na teanga go minic leis an mBéarlachas a sheachaint. Sa bhreis ar an téacsleabhar agus ar an bhfoclóir, tá aistriúchán Bíobla foilsithe ag Williams lena leagan féin den Choirnis a chraobhscaoileadh.
 
== Caighdeán Scríofa Nua ==
 
Ar 9 Bealtaine 2008, glacadh le caighdeán scríofa nua don Choirnis ag cruinniú de chuid Pháirtíocht Theanga na Coirnise.<ref>http://www.magakernow.org.uk/index.aspx?articleid=38861</ref> Foireann [[teangeolaíocht|teangeolaithe]] a d'fhorbair an caighdeán seo, agus an teangeolaí [[An Iorua|Ioruach]], Trond Trosterud, i gceannas orthu. Rinneadh an obair seo faoi choimirce Pháirtíocht Theanga na Coirnise.<ref>http://www.telegraph.co.uk/news/uknews/1997718/Cornish-language-makes-a-comeback.html</ref>
 
== Tagairtí ==
 
{{reflist}}
 
== Naisc Sheachtracha ==
 
* [http://www.magakernow.org.uk/index.aspx?articleid=39262 Suíomh gréasáin Pháirtíocht Theanga na Coirnise]
Líne 66:
[[an:Idioma cornuallés]]
[[ast:Córnicu]]
[[bar:Kornisch]]
[[be-x-old:Корнская мова]]
[[bg:Корнуолски език]]