An difríocht idir athruithe ar: "An Choirnis"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: bar:Kornisch; cosmetic changes
Líne 25:
Tugadh buille tubaisteach don teanga sa bhlian 1549, nuair a rinne Rialtas [[Éadbhard VI Shasana]] iarracht úsáid Leabhar na hUrnaí Coitinne as Béarla a chur i bhfeidhm i gCorn na Breataine, in ainneoin nach raibh Béarla ag cuid mhaith de na daoine ansin. Thosaigh éirí amach i gcoinne an rialtais agus cuireadh faoi chois é go brúidiúil. Maraíodh suas le 22% de dhaonra fireann Chorn na Breataine le linn na gcaismirtí, rud a chuir dlús mór le meath na teanga sa cheantar sin.
 
Meastar gurbh é Cheston Marchant ó Gwithian an cainteoir dúchais Coirnise aonteangach deireanach, fear a fuair bás sa bhliain 1665.<ref>http://www.magakernow.org.uk/index.aspx?articleid=38590</ref> Creidtear gurbh í [[Dolly Pentreath|Dorothy Pentreath]] an cainteoir dúchais deireanach agus d'éag sí siúd sa bhliain 1777.
 
[[Íomhá:Kernow lb.png|mionsamhail|clé|230px|Léarscáil ar a léirítear dul i léig na teanga i g[[Corn na Breataine]] de réir na mblianta]]