An difríocht idir athruithe ar: "An Choirnis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 23:
 
 
Tugadh buille tubaisteach don teanga sa bhlian 1549, nuair a rinne Rialtas [[Éadbhard VI Shasana]] iarracht úsáid Leabhar na hUrnaí Coitinne as Béarla a chur i bhfeidhm i gCorng[[Corn na Breataine]], in ainneoin nach raibh Béarla ag cuid mhaith de na daoine ansin. Thosaigh éirí amach i gcoinne an rialtais agus cuireadh faoi chois é go brúidiúil. Maraíodh suas le 22% de dhaonra fireann Chorn na Breataine le linn na gcaismirtí, rud a chuir dlús mór le meath na teanga sa cheantar sin.
 
Meastar gurbh é Cheston Marchant ó Gwithian an cainteoir dúchais Coirnise aonteangach deireanach, fear a fuair bás sa bhliain 1665.<ref>http://www.magakernow.org.uk/index.aspx?articleid=38590</ref> Creidtear gurbh í [[Dolly Pentreath|Dorothy Pentreath]] an cainteoir dúchais deireanach agus d'éag sí siúd sa bhliain 1777.
Líne 37:
Tháinig an Choirnis Choitianta in úsáid go forleathan i ngluaiseacht athbheochana na Coirnise sna 1990idí, ach san am céanna, is iomaí locht a fuair teangeolaithe oilte uirthi. Inniu, tá [[Nicholas Williams]], an teangeolaí Sasanach atá lonnaithe i m[[Baile Átha Cliath]] agus é ina fhile Coirnise sular tharraing sé Gaeilge líofa air féin, ar an duine is mó a dhéanann tromaíocht ar an gCoirnis Choitianta. Is é a bharúil féin ná gur fearr an Choirnis Aonchineálaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, ós rud é go bhfuil sí bunaithe ar an litriú traidisiúnta. Dar leis, ba chóir don ghluaiseacht athbheochana díriú ar an teanga thraidisiúnta, seachas teanga shaorga dá cuid féin - agus is é an meas atá aige ar an gCoirnis Choitianta gur teanga shaorga atá ann.
 
Tá Williams tar éis a leagan féin den Choirnis Aonchineálaithe - an Choirnis Aonchineálaithe Leasaithe, nó ''Kernowek Unys Amendys'', a chur ar fáil ina chuid téacsleabhar (ar nós ''Clappya Kernowek'', a foilsíodh an chéad uair sa bhliain 1997) agus foclóirí (go háirithe ''Gerlyver Sawsnek-Kernowek'', a tháinig i gcló sa bhliain 2000). Níl an Choirnis seo ródhifriúil leis an gCoirnis Aonchineálaithe, ach is minic a roghnaíonn sí focail iasachta ón m[[Béarla]] a bhí in úsáid sa teanga thraidisiúnta, in áit na bhfocal sean-Choirnise nó fiú [[An Bhreatnais|Breatnaise]] a úsáideann lucht athbheochana na teanga go minic leis an m[[Béarlachas]] a sheachaint. Sa bhreis ar an téacsleabhar agus ar an bhfoclóir, tá aistriúchán [[Bíobla]] foilsithe ag Williams lena leagan féin den Choirnis a chraobhscaoileadh.
 
== Caighdeán Scríofa Nua ==