An difríocht idir athruithe ar: "Clann na Poblachta"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 4:
Bhunaigh gníomhaithe poblachtaigh [[Seán Mac Giolla Bhríde (polaiteoir)|Seán Mac Giolla Bhríde]] ''(Béarla: Seán MacBride)'', Nollaig Hartnett, Seán Mac Uighilín ''(Béarla:Jack McQuillan)'' agus Micheál Ó Ceallaigh an páirtí sa bhliain [[1946]]. Ba é Mac Giolla Bhríde ceannaire an pháirtí. Thacaigh a lán daoine a bhí mí-shásta le [[Fianna Fáil]] leis an gClann agus d'fhás an páirtí go tapaigh. Bhuaigh an páirtí dhá fhothoghchán sa bhliain [[1947]]. Ghair [[Eamon de Valera|De Valera]] olltoghchán go luath sa bhliain [[1948]] chun cur isteach ar fhás an pháirtí nua. Fuair Clann na Poblachta 13.2% de na vótaí san olltoghchán agus 10 suíochán sa Dáil.
 
Bunaíodh an chéad rialtas idir-pháirtí tar éis an olltoghcháin. Tháinig [[Fine Gael]], [[Páirtí an Lucht Oibre]], [[Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre (Éire)|Páirtí an Lucht Oibre Náisiúnta]], Clann na Poblachta, [[Clann na Talmhan]] agus roinnt Teachtaí neamhspleácha le cheile chun Fianna Fáil a chur as oifig. Ba é [[Seán A Mac Coisdealbha]] Taoiseach an rialtais nua mar níorbh fhéidir le Clann na Poblachta glacadh le ceannaire Fhine Gael, [[Risteard Ó Maolchatha]]. Fuair an Clann dhá áit sa chomh-aireacht - ceapadh Mac Giolla Bhríde mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus ceapadh [[Nollaig de Brún]] mar Aire Sláinte.
 
D'fhág Éire an [[Comhlathas Briotanach]] sa bhliain [[1949]].