An difríocht idir athruithe ar: "Dolly Pentreath"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3:
==Beathaisnéis==
 
Chónaigh Dolly Pentreath i bParóiste Paul, in aice le Porthynys (Béarla Mousehole) ar an gcósta in iardheisceart [[Corn na Breataine|Chorn na Breataine]] – áit ar cuireadh í freisin. Tógadh leacht le hurraim di i mballa na cille de chuid Theampall Naoimh Phoal Aorelian (is Naomh [[An Bhriotáin|Briotánach]] as an m[[An Bhreatain Bheag|Breatain Bheag]] é Poal Aorelian; Paulinus Aurelianus sa Laidin agus Paul Aurelian sa mBéarla) i bPaul, sa mbliain [[1860]]. Thóg Louis Lucien Bonaparte, nia [[Napoléon Bonaparte|Napoléon]], agus biocáire Paul an leacht seo. Tá a lán scéalta faoin mbean seo. Deirtear go gcuireadh sí mallacht ar dhuine go minic, ag tabhairt “''kronnekyn hager du''” (buaf ghánnaghránna dhubh) orthu, mar shampla. Deirtí gur chailleach a bhíodh inti fiú. Tá a lán scéalta éagsúla fúithi, ach ní fios cé chomh cruinn agus atá siad.
 
==Cainteoirí Coirnise níos deireanaí==
Líne 11:
Tá conspóid ann mar gheall ar stádas Dolly mar chainteoir deireanach dúchais, cosúil le go leor de na “cainteoirí deireanacha dúchais” eile. D’fhoghlaim William Bodinar (a d’éag in 1794) [[An Choirnis|Coirnis]] agus é ina ghasúr agus, sa mbliain [[1776]], bhí sé fós in ann litir a scríobh sa teanga. Maíonn cúpla scoláire oirirc, Henry Jenner, Morton Nance agus Philip Payton ina measc, gur cheart go ndearctar ar John Davey as Boswednack (a d’éag 1891) mar an cainteoir “traidisiúnta” deireanach; dúradh gur labhair sé i gCoirnis lena chat i riocht is go gcoinneodh sé an teanga beo. Tá roinnt amhrais maidir le méid a chumais sa teanga; b’fhéidir gur cuireadh cuid acu ina leith níos déanaí. Bhí sé in inmhe filíochta a chumadh sa gCoirnis agus thóg Cumann Chorn na Breataine Seanda (''Old Corwall Society'') plaic chuimhneacháin sa mbliain 1980 a mhaíos gurbh é “''the last to possess any considerable traditional knowledge of the Cornish Language''”.<ref>http://www.cornwallinfocus.co.uk/language/language.php</ref> Bhí an Choirnis fós á labhairt ina dhiaidh sin; d’fhoghlaim cúpla duine scoite an teanga agus mhair focail de bhunús Coirnise i gcanúint áitiúil an Bhéarla, dar ndóigh. Cuireadh síos ar Alison Treganning, a fuair bás sa mbliain 1906, mar chainteoir na Coirnise agus an Bhéarla araon. San am i láthair, tá roinnt páistí agus daoine fásta óga a labhraíos leaganacha éagsúla de Choirnis athbheoite mar chainteoirí dúchais. Mar shampla, is cainteoir dúchais na Coirnise agus na [[An Bhreatnais|Breatnaise]] ó aois a hóige í an [[ceoltóir]] [[An Bhreatain Bheag|Breatnach]] Gwenno Saunders ón ngrúpa The Pipettes.
 
Ba ballbhall de dhream pháistí Zennor a labhair Coirnis eatarthu féin sna 1840idí é John Mann. Sa mbliain 1914, bhí an cainteoir dúchais Coirnise seo as Boswednack ina chónaí i Sráid Chapel, Lannyust (Béarla - St Just in Penwith) agus 80 bliain d’aois aige, deich mbliana tar éis do ''Handbook of the Cornish Language'' (le Henry Jenner) an athbheochan a spreagadh.
 
Thíolaic Pêr-Jakez Helias, scríbhneoir Briotánach, [[filíocht|dán]] do Dolly Pentreath.