An difríocht idir athruithe ar: "Isaak Babel"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: en:Isaak Babel
No edit summary
Líne 4:
Ina stócach óg dó, rinne sé staidéar ar an bhFraincis agus ar léann traidisiúnta na [[Giúdachas|nGiúdach]], D'fhéach sé le dul ar scoil na trádála in Odessa freisin, ach ós rud é gur Giúdach a bhí ann, níor ligeadh isteach é. Sa deireadh, chuaigh sé i scoil airgeadais agus gnó i gCíév san [[An Úcráin|Úcráin]].
 
Sa bhliain 1915, shocraigh sé síos i g[[Cathair Pheadair]], cé nach raibh cead isteach ansin ag na Giúdaigh. Fuair sé aithne ar [[Maxim Gorky]], duine de scríbhneoirí móra comhaimseartha na Rúise. Chuidigh Gorky leis ar a lán dóigheanna, nó d'fhoilsigh sé scéalta leis ina iris agus bhí sé ina mhúinteoir scríbhneoireachta aige.
 
Le linn Chogadh Cathartha na Rúise, bhí Babel ag troid ina shaighdiúir san Arm Dearg, ag obair ina aistritheoir don ''Cheka'' agus ina iriseoir. Bhí sé ina chomhfhreagraí cogaidh ag leanúint Mharcshlua Dearg Semyon Budyonnyi, nuair a bhí seisean ag troid na bPolannach sa bhliain 1920. Fuair sé an-inspioráid agus scríobh sé rogha a chuid scéalta faoin gcogadh seo. Ní raibh an Marascal Budyonnyi féin sásta leis na scéalta, nó thug siad cur síos i bhfad rólom ar bhrúidiúlacht an chogaidh, agus is dócha nach bhfoilseofaí choíche iad, ach go bé gur chuir [[Vladimir Mayakovsky]] a ladar sna cúrsaí. Chuir sé na scéalta i gcló ina iris féin, LEF.
 
Ghabh an rúnseirbhís Babel sa bhliain 1939, agus cúisíodh faoi na gnáth-"choireanna" é. Bhí sé tar éis a thuiscint cheana féin céard a bhí i ndán do na scríbhneoirí i ríocht [[Stailín]], agus nuair a thángthas ag triall air, d'fhág sé slán go deo ag a bhean chéile agus é ag impí uirthi a fhéachaint chuige go mbeadh saol sona ag a gclann. Creidtear go coitianta gur cuireadh chun báis é i ndeireadh Mhí Eanáir sa bhliain 1940 i bpríosún Butyrka i Moscó.