An difríocht idir athruithe ar: "Darragh Ó Sé"

Content deleted Content added
Eolas eile
Eolas eile
Líne 26:
| allstars= 3
}}
[[Peil Ghaelach|Peileadóir]] is ea '''Darragh Ó Sé''', a rugadh ar an [[1 Aibreán]] [[1975]]. As [[Contae Chiarraí]] dó agus is ceantálaí é ó thaobh ghairm de. Imríonn sé lena chlub, an Ghaeltacht, agus d'imir sé le [[CLG Chontae Chiarraí|foireann Chiarraí]] idir 1994 agus 2009. Imreoirí mór agus láidir atá ann, d'éirigh sé as an imirt idirchontae agus é fós ag barr an spóirt, agus é ag imirt a chluiche deireanach i gcluiche ceannais na bliana 2009 sa bhua in éadan Chorcaí. Tá níos mó cluichí imeartha aige sa chraobh ná aon pheileadóir eile riamh. Bronnadh gradaim All-Star air trí uaire, cé nár bhain sé an gradam úd Peileadóir na Bliana amach riamh.
 
Ag tús na bliana 2010, bhí caint agus ráflaí sna meáin nach mbeidh Ó Sé ag filleadh ar an bhfoireann, ach bhí sé amhlaidh sa bhliain 2009 chomh maith agus tháinig sé ar ais. Agus é faoi agallamh le [[Dara Ó Cinnéide]] ar [[Raidió na Gaeltachta]] ar an 17 Feabhra 2010, scaoil Ó Sé an nuacht go raibh sé ag éirí as chun níos mó ama a chaitheamh lena chlann. D'admhaigh sé nach mbeidh sé furasta a bheith ag féachaint ar chúrsaí mar chuid de lucht leanta na foirne sna cluichí móra, ach dhearbhaigh sé go bhfuil an-mhuinín agus meas aige sna pheileadóirí óga atá ag teacht i gcomharbacht air.<ref>http://www.rte.ie/sport/gaa/championship/2010/0217/kerry.html</ref> Fuair sé ardmholadh ó laoch Chiarraí [[Seán Ó Sé|Jack Ó Sé]] a dúirt go raibh an-mheas aige air, agus gur ambasadóir a bhí ann do Chiarraí ar feadh sé bliana déag.<ref>http://www.hoganstand.com/ArticleForm.aspx?ID=124112</ref>
Bronnadh gradaim All-Star air trí uaire, cé nár bhain sé an gradam úd Peileadóir na Bliana amach riamh.
 
Nia an iar-imreora [[Páidí Ó Sé]] atá ann, agus imríonn a dheartháireacha [[Tomás Ó Sé|Tomás]] agus [[Marc Ó Sé|Marc]] sna foirne chéanna.
 
== Tagairtí ==
* {{reflist}}
 
{{síol}}