Content deleted Content added
Meabhar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Meabhar (plé | dréachtaí)
smaointe faoi chumadh, breis eolais, srl.
Líne 1:
Is [[Gael]] mé, a tógadh in [[Éire|Éirinn]] sa [[Galltacht|Galltacht]]Mar sin féin, tógadh le [[Gaeilge]] mé, le scolaíocht Bhéarla, agus tá mo chroí in iarthar na hÉireann. Tá gach cosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh mé ar ais go hÉireann laistigh de leath-bhliain, ach idir an dá linn, beidh mé ag cur tuairiscí as [[Nua Eabhrac]], áit a bhfuilim le 11 mblian. Roimhe sin, chaitheas seal i [[Sasana]] agus sa [[an Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]]. Bhíos sa bh[[Fionlainn|an Fhionlainn]] ag deireadh mí [[Lúnasa]], ag spaisteoireacht agus ag breathnú ar an [[Ring des Nibelungen]], sraith [[opera]] [[Richard Wagner]], agus táim ag déanamh cur síos ar na rudaí seo, chomh maith le go leor rudaí eile, cuid nach bhfuil aon eolas speisialta agam orthu! Is [[dochtúir leighis]] mé, a chleachtann [[Síciatracht]] agus tá roinnt eolais agam ar Fhraincis, [[Spáinnis]], [[Gearmánais]], agus [[Iodálais]], agus ar ndóigh déanaim corraistriú uathusan agus ón Sacs-[[Béarla|Bhéarla]].
Is Gael mé, a tógadh in Éirinn sa Ghalltacht. Mar sin féin, tógadh le Gaeilge mé, le scolaíocht Bhéarla.
 
Tá cónaí faoi láthair orm i gcathair Nua Eabhrac.
 
Imeasc na n-alt a scríobhas ar dtús:
 
* [[Creideamh]]
* [[Éire]], [[Tuaisceart Éireann]], [[an Fhionlainn]], [[Béal Feirste]] agus ábhair gaolmhara
* [[oileáin Árann]], [[Conamara]] agus ábhair gaolmhara
* [[Leigheas]], [[Eolaíocht Shláinte]],[[Síciatracht]] agus ábhair gaolmhara
* [[New York]], [[cathair Nua Eabhraic]] agus ábhair gaolmhara
* [[Síciatracht]] agus ábhair gaolmhara
* [[Síceolaíocht]]
 
Rinneas a lán eagarthóireachta teangan agus fairsingiú ar fud an suímh, agus measaim go mbfhéidir gur scríobhas os cionn leath ábhair an suímh (Bhuel, tugaigí staitisticí dom muna bhfuil an ceart agam). Ceapaim go bhfuil sort réitigh againne a bhíonn go minic ar an suíomh faoi láthair, agus go bhfuilid réasúnta sásúil, cé nach naontaím le gach ní. Ach leanaimis ar aghaidh lenár stíl féin - tá neart slí ar an suíomh. Agus bheinn sásta roinnt ceist a fhreagairt nó tús a chur le hailt atá aoinne ag iarraidh, ach ríomhphost a chur agam ag meabhar@yahoo.com
Rinneas eagarthóireacht throm ar [[cócaireacht]], a lán eagarthóireachta teangan ar an alt [[Poblacht na hÉireann]], agus rinneas go leor mion-athraithe teangan ar fud an suímh (gabh mo leithscéal má chuaigh mé ró-fhada leis!)
 
==Cupla Smaoineamh le Dul ar Aghaidh==
* Nach bhfuil obair aistriúchán ag mic léinn ollscoile? An mbeidís sásta cuid acu a chur ar an suíomh seo?
* Cuirimis ríomhphost dár gcairde agus gaolta go léir atá aon líofacht Gaeilge acu.
* Breac síos do chuid tuairimí ar stair, taisteal, srl. Táim beagnach cinnte go rinneas mór-bhotúin, mar shampla, i mo chuid iarrachtaí sa stair, ach ceartóidh mé féin nó duine eile ar deireadh é.
* Bíodh misneach againn. Nuair a thosaíos ag deireadh mí Iúil bhí tuairim is 80 alt againn. Anois tá 244 - déarfainn go mbeidh 300 againn faoi dheireadh na míosa. Cuimhnigh, tá tuairim agus 2,600 ag an mBreatnais!
* Léigh páipéar nuachta nó iris, agus scríobh 3 alt ghairid, nó déan cur síos ar cupla ghné ded' chuid oibre féin.
* Tá an eolas ar rudaí Gaelacha ar Wikipedia an Bhéarla freisin - aistriúcháin ar ainmneacha bailte, stair, srl.
* Nach mbeadh sé go deas dá mbeadh roinnt oideachais againn ar an nGaeilge - tá súil agam go mbeidh deis agam beagán a scríobh air.[[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]] 22:14, 15 Sep 2004 (UTC)