An difríocht idir athruithe ar: "Cathal Ó Sándair"

Content deleted Content added
m litriú
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir [[Gaeilge]] ba ea '''Cathal Ó Sándair''' ([[15 Iúil]], [[1922]] - [[18 Feabhra]] [[1996]]). Áirítear gur scríobh sé timpeall 160 leabhar, eachtraí gearra don óige a bhformhór. Rugadh é i [[Weston-super-Mare]], [[Sasana|Shasana]] é, mac le [[dornálaíocht|dornálaí]] darbh ainm Simon "Darkey" Saunders, agus le Florence Elliot as [[Baile Átha Cliath]]. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Cathal. Ba duinedhuine acu an dornálaí clúiteach Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla sna blianta [[1937]] agus [[1938]]. D'aistrigh an teaghlach go h[[Éire|Éirinn]] agus chuaigh Simon Saunders isteach in arm an t[[Saorstát Éireann|Saorstáit]]. Chaith sé seal mar thiománaí ag an Aire [[Caoimhín Ó hUiginn]].
 
[[Íomhá:Dúnmharbhú.jpg|deas|mion|150px|''Eachtraí Réics Carló'', Uimh. a Ceathair: ''Dúnmharbhú i bPáirc an Chrócaigh'' ([[1944]])]]Fuair Cathal a chuid meánoideachais i Sráid Synge leis na [[Bráithre Críostaí]]. Fiú agus é sa bhunscoil bhí spéis ag Cathal sa Ghaeilge agus cuireadh chun na [[Gaeltacht|Gaeltachta]] é agus é deich mbliana d'aois. Scríobh sé gearrscéal Gaeilge a foilsíodh in iris óige na mBráithre, ''Our Boys'', ag aois a sé bliana déag. Chuaigh sé isteach san [[An tAerchór|Aerchór]] tar éis dó an scoil a fhágáil agus chaith sé na blianta ina dhiaidh sin ag obair mar [[státseirbhís|státseirbhíseach]]. Bhí sé ag scríobh don pháipéar nuachta ''[[Inniu]]'' agus gníomhach i n[[Glúin na Buaidhe]].
Líne 6:
 
Bhí sé pósta ar Mháire McGeown as [[Ard Mhacha]] agus bhí ceathrar clainne acu.
Fuair sé bás ar an 18 Feabhra 1996.
 
==Roinnt saothar leis==
==Samplaí dá shaothair==
(Library of Congress, Washington, DC)
 
Líne 31:
*''Triocha písa airgid'' (1943)
*''Uathbhás i mBrugh na Bóinne'' (1944)
 
==Naisc Sheachtracha==
*http://www.cathalosandair.com/