An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
m Filleadh eagarthóireachtaí le 99.145.3.189 (Plé); d'athúsáideadh an athrú seo caite le Antóin
No edit summary
Líne 23:
==Leathnú an fhoréigin==
 
I dtús na cogaíochta, ní raibh na hÓglaigh ach ag déanamh loitiméireacht agus sabaitéireacht ar mhaoin shaolta de chuid Rialtas na Breataine, ag bailiú airgid, airm agus lón cogaidh nó ag feallmharú feidhmeannaigh mhór le rá de chuid an rialtais. Rinne siad aithris ar an oirbheartaíocht a thuill a gclú do na [[Cogadh na mBórach|Bóraigh]], is é sin, bhí Óglaigh ag déanamh ionsaithe treallchogaíochta i dtoibinne gan sainéide mhíleata a chaitheamh. Ní raibh gach duine de na hÉireannaigh féin sásta leis an gcineál seo cogaíochta, ós rud é gur fágadh a chead ag na Sasanaigh, de réir dhlíthe agus chonarthaí idirnáisiúnta cogaidh, aon Óglach a chimeofaí a chur chun báis mar shabaitéir, gan stádas oifigiúil an chime cogaidh a ghéilleadh dó. Bhí [[Éamon de Valera]] i bhfách le cogaíocht chomhghnásach faoi shainéide le haitheantas na dtíortha eile a chinntiú don Phoblacht, ach má bhí féin, ní raibh neart aige air an oirbheartaíocht a bhí á cleachtadh. Na ceannairí eile, go háirithe [[Mícheál Ó Coileáin]] a raibh an lámh in uachtar aige, d'fhoghlaim siad a gceacht féin nuair a chlis ar [[Éirí Amach na Cásca]], thiar sa bhliain 1916. Bhí bunús phobal na hÉireann go mór i gcoinne an fhoréigin araruairí smellsr dtús. De réir a chéile, áfach, tháinig malairt tuairim acu, agus an dóigh a ndeachaigh ruathair fhuillteacha na saighdiúirí Gallda i bhfeidhm orthu. Ba mhinic nach n-aithníodh na Sasanaigh an sibhialach thar an Óglach, agus iad ag rith damhsa ar fud na tíre. In áit cogadh ciallmhar a chur, ba ghnách leo daoine a chéasadh agus foirgnimh a chur trí thine gan chúis cheart. Is iomaí Éireannach, agus é idir dhá chomhairle faoi chúis na Poblachta ar dtús, a thug tacaíocht don ghluaiseacht sa deireadh, i bhfianaise an léirscrios a bhí fórsaí an Rí a dhéanamh ar an tír. I dtús na bliana 1920, bhí Éire ar fad ar bharr lasrach le trioblóidí is le foréigean den chineál seo.
 
[[Íomhá:Éamon de Valera 03.jpg|thumb|left|200px|Eamon de Valera<br><small>[[Príomh-Aire]] (1919-Lúnasa 1921)<br> agus