An difríocht idir athruithe ar: "Benjamin Britten"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 9:
In Aibreán 1935, tháinig an stiúrthóir scannán Alberto Cavalcanti chun cainte le Britten faoi scór a scríobh don scannán faisnéiseach ''The King’s Stamp'', léirithe ag an GPO Film Unit. Tharla [[W. H. Auden]], an scríbhneoir, ag obair don GPO Film Unit ag an am sin freisin agus d’oibrigh Britten agus Auden le chéile ar na scannáin ''Coal Face'' agus ''Night Mail''. Comhoibriú dá gcuid ná an tsraith amhrán ''Our Hunting Fathers'' Op. 8, a bhí radacach maidir leis an bpolaitíocht agus leis an gceol araon. Ní ba thábhachtaí i ndeireadh na dála, casadh an t-amhránaí Peter Pears air sa bhliain 1937. Comhoibrí agus inspioráid dó a bhí in Pears, chomh maith le comrádaí, ar feadh a shaoil. Sa bhliain chéanna chum sé an ceol don ''Pacifist March'' i gcomhar Aontas Gheallta na Síochána (Peace Pledge Union), cumann a raibh sé páirteach ann, ach níor éirigh leis an saothar sin. Sa bhliain 1937, scríobh sé ceann de na saothair ba shuntasaí aige sna 1930idí, ''Variations on a Theme of Frank Bridge'' do [[ceolfhoireann|cheolfhoireann]] théadach.
 
Go luath sa bhliain 1939, lean Britten agus Pears Auden siar go Meiriceá. Ansin, saan bhliain ina dhiaidh chum Britten an chéad sraith amhrán den iliomad díobh a scríobh sé do Pears, ''Seven Sonnets of Michelangelo''. Mór leis an gceapadóir [[Aaron Copland]] cheana, chuala Britten a shaothair ba dhéanaí, mar atá ''Billy the Kid'' agus ''An Outdoor Overture'', dhá shaothar a chuaigh i gcion ar a chuid cheoil féin. Scríobh sé a chéad [[cheoldráma|ceoldráma]] i Meiriceá freisin, ''Paul Banyan'', ceolchluiche le leabhróg a scríobh Auden.
 
==Barr a Réime==
 
D’fhill Britten agus Pears go Sasain sa bhliain 1942 agus chuir an bheirt acu iarratais isteach ar stádas mar dhiúltóirí consiasacha. Séanadh iarratas Bhritten ar dtús ach fuair sé é ar achomharc. Bhí sé gnóthach ar an turas báid fada aniar, ag cur i gcrích an tsaothair chórúil ''Hymn to St. Cecilia'', a chomhshaothar deireanach le hAuden. Bhí tús déanta cheana aige ar a cheoldráma ''Peter Grimes'', bunaithe ar scríbhneoireacht de chuid file as Suffolk darbh ainm George Crabbe. D’éirigh go maith le chéad léiriú an cheoldráma in Sadler’s Wells sa bhliain 1945, an bua ba mhó aige go dtí sin. Mar sin féin, tháinig Britten salach ar dhreamanna ceoil seanbhunaithe áirithe sa tír. De réir a chéile, tharraing sé siar ó chiorcail cheoil Londan agus bhunaigh sé an English Opera Group (1947) agus Féile Aldeburgh (1948), i bpáirt mar dheis chun a shaothar féin a dhéanamh go poiblí.
 
Ba é ''Peter Grimes'' an chéad cheann de shraith ceoldrámaí i mBéarla, dá bhfuair ''Billy Bud'' (1951) agus ''The Turn of the Screw'' (1954) moladh faoi leith. Tháinig a cheoldráma ''A Midsummer Night’s Dream'' (1960), leagan den dráma [[Shakespeare]], ar a sála orthu. Ar na téamaí a bhí i gcoitinne ag na ceoldrámaí seo tá an carachtar atá lasmuigh ag an sochaí nó nach bhfuil tuiscint ann dó. Is é seo an príomhcharachtar go minic, agus tábhacht faoi leith lena ainm—Peter Grimes nó Owen Wingrave, mar shampla. Faoi am na nOnóracha Corónaithe sa bhliain 1953, bhí Britten tábhachtach go leor gur ceapadh é mar Chompánach Onóra (“Companion of Honour” nó CH).
 
Tharraing Britten ar fhoinsí áitiúla traidisiúnta Sasanacha a leithéidí George Crabbe (thuasluaite) agus, ní b’fhaide siar, drámaí míorúilte Sasanacha ón Mheánaois. Sa bhliain 1957 rinne Britten agus Pears turas ar an Oirthear, mar a dtarraingíodh aird Bhritten ar cheol an ghamelan Bhailinéisí agus ar na drámaí Nó [[an tSeapáin|Seapánacha]]. Bhí ceolta an Oirthir ag dul i gcion ar Bhritten in aghaidh na huaire sa tréimhse sin.