An difríocht idir athruithe ar: "An Platónachas"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 9:
Deir Leabhar VI de ''An Phoblacht'' gurb í Foirm na Maithe an fhoirm is uaisle. Ise is cúis leis na hIdéanna eile, agus tá eolas agus eiseadh gach Foirme eile taobh léi. Ní féidir linn dul amach ar an bhfíoreiseadh ach trí ghníomhú an anama istigh ann féin; sin é le rá, trí úsáid an réasúin.<ref>ibid.</ref> Is í an dialachtaic an uirlis cheart chuige, agus dá bhrí sin is í buaic na n-eolaíochtaí í.<ref>ibid.</ref>
 
Shamhlaigh na Nua-Phlatónaigh an Mhaith úd leis an Absolóid. Tá ceann de na chéad hipitéisí i gComhrá Phairméinídéas bunaithe ar Fhoirm na Maithe. Is í an tSuáilce an t-eolas ceart, agus é ag dul in aitheantas ar an bhfoirm is uaisle den Mhaith. Leis na aitheantas a bhaineann na trí chuid den Anam, an réasún, an spiorad agus an tothlú, agus uathu sin a thagann an Eagna, an Misneach agus an Mheasarthacht. Aontaíonn an Chóir na suáilcí eile le chéile, agus gach cuid den Anam ag feidhmiú mar is ceart dá réir.
 
Chuaigh an Platónachas i bhfeidhm go mór ar smaoineamh an Iarthair. Is minic a mhínítear é mar chuntas ar Chruinne a bhí riamh ann, i gcomórtas leis an traidisiún Giúdach, a deir gur cruthaíodh an Chruinne san aimsir stairiúil. Murab ionann is an tArastotaileachas, deir an Platónachas gur tháinig an Idé roimh an tÁbhar, agus samhlaíonn sé an duine leis an anam. Lonnaigh a lán smaointe Platónacha go buan i dtraidisiún na hEaglaise.<ref>Cross, F. L., ed. ''The Oxford Dictionary of the Christian Church''. New York: Oxford University Press. 2005</ref>