An difríocht idir athruithe ar: "Balla"
Content deleted Content added
No edit summary |
fairsingiú ar an mbaile tábhachtach seo! |
||
Líne 1:
Tá '''Balla''' i lár [[contae Mhaigh Eo|chontae Mhaigh Eo]],
Tá talamh sách maith timpeall an bhaile. Tá bunscoil agus meánscoil ann, cé gur thug na siúracha Laoiseacha suas an meánscoil mar gheall ar easpa nuíosaigh.
==Stair==
Bhí mainistir ar shuíomh an bhaile go luath i ré na [[Críostaíocht]]a, agus tá clogtheach i bhfoirm túr gar do lár an bhaile.
Is i mBalla a mhair [[Michael Lally]], duine de bhunaitheoirí an [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumainn Lúthchleas Gael]] ag deireadh an 19ú Aois.
==Gnó==
Tá gnó dáileadh bianna ag MacWalters i lár an bhaile, agus tá siopaí poitegéara, earraí bídh, agus troscán ann. Tá sé theach tábhairne ar an mbaile, agus eaglais Chaitliceach. Tá séipéal freisin i mBéal Charra, atá mar leath-pharóiste aige. Bhí stáisiún traenach sa bhaile go dtí na hochtóidí, ar an líne as Baile Átha Cliath go [[Béal an Átha]] agus go [[Cathair na Mart]], ach tá sé tréigthe anois.
==Caitheamh Aimsir==
Tá cúrsa 18 bpoll gailf ag an gCumann Gailf. Tá cumann gnóthach peil Gaelach freisin ag Balla, a imríonn ina ndathanna marún agus bán.
|