An difríocht idir athruithe ar: "An Platónachas"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 9:
Deir Leabhar VI de ''An Phoblacht'' gurb í Foirm na Maithe an fhoirm is uaisle. Ise is cúis leis na hIdéanna eile, agus tá eolas agus eiseadh gach Foirme eile taobh léi. Ní féidir linn dul amach ar an bhfíoreiseadh ach trí ghníomhú an anama istigh ann féin; sin é le rá, trí úsáid an réasúin.<ref>ibid.</ref> Is í an dialachtaic an uirlis cheart chuige, agus dá bhrí sin is í buaic na n-eolaíochtaí í.<ref>ibid.</ref>
 
Shamhlaigh na Nua-Phlatónaigh an Mhaith úd leis an Absolóid (an tAon). Tá ceann de na chéad hipitéisí i gComhrá Phairméinídéas bunaithe ar Fhoirm na Maithe. Is í an tSuáilce an t-eolas ceart, agus é ag dul in aitheantas ar an bhfoirm is uaisle den Mhaith. Leis na aitheantas úd a bhaineann na trí chuid den Anam, an réasún, an spiorad agus an tothlú, agus uathu sin a thagann an Eagna, an Misneach agus an Mheasarthacht. Aontaíonn an Chóir na suáilcí eile le chéile, agus gach cuid den Anam ag feidhmiú mar is ceart dá réir.
 
Chuaigh an Platónachas i bhfeidhm go mór ar smaoineamh an Iarthair. Is minic a mhínítear é mar chuntas ar Chruinne a bhí riamh ann, i gcomórtas leis an traidisiún Giúdach, a deir gur cruthaíodh an Chruinne san aimsir stairiúil. Murab ionann is an tArastotaileachas, deir an Platónachas gur tháinig an Idé roimh an Ábhar, agus samhlaíonn sé an duine leis an anam. Lonnaigh a lán smaointe Platónacha go buan i dtraidisiún na hEaglaise.<ref>Cross, F. L., ed. ''The Oxford Dictionary of the Christian Church''. New York: Oxford University Press. 2005</ref>
Líne 20:
Ar dtús cuireadh an Platónachas in iúl in agallamh Phlatón féin, agus Sócraitéas, a mháistir, á úsáid ann chun teagasc áirithe a dhéanamh, cé nach cinnte go bhfuil an teagasc sin ag cur le smaoineamh Shócraitéas mar a bhí sé i ndáiríre. Thugadh Platón a chuid léachtaí san Acadamh, limistéar a bhí taobh amuigh de mhúrtha na hAithne agus a raibh garrán naofa ann. Mhair an scoil ar feadh i bhfad, agus trí thréimhse ag baint léi - an Sean-Acadamh, an Meán-Acadamh agus an tAcadamh Nua.
 
Bhí Spéasaipas, nia Phlatón, a lean é mar cheann na scoile go dtí an bhliain 339 RCh), agus Xéineacraitéas (go dtí an bhliain 312 RCh), ar na daoine ba shuntasaí den Sean-Acadamh. Thug siad iarracht ar thuairimíocht Phíotágaráis faoi na huimhreacha a aontú le teoiric na bhfoirmeacha.
 
Sa Mheán-Acadamh (a thosaigh timpeall na bliana 226 RCh agus Airceasalás ina cheann air) ní raibh na Foirmeacha tarchéimnitheach ach le fáil san intinn réasúnach. Ba neach beo é an domhan agus a anam féin aige: an Domhan-Anam. Bhí éagsúlacht ag baint le teagasc an Phlatónachais ag an am, agus d'fhág sé a rian ar an bPíotagárásachas agus ar an bhfealsúnacht Ghiúdach (Fíoló Chathair Alasdair). Bhí sé tugtha don sceipteachas, agus ba ghnách lena lucht leanúna an Stóchas a fheannadh toisc gur chreid an dream úd go raibh an fhírinne cinnte agus gurbh fhéidir dul amach uirthi.
Líne 32:
 
=== Platónachas na Meánaoiseanna ===
Le linn na meánaoiseanna ba mhó a cíoradh an Platónachas, agus é á chosaint go fuinniúil ar an ainmneachas. ThugtaíTugadh argóint na n-[[Uilíochas|uilíoch]] ar easaontas an dá scoil, agus é ar an rudaí a chuir tús leis an bhfealsúnacht agus leis an [[eipistéimeolaíocht]] mheánaoiseach.   Ba iad [[Guillaume de Champeaux]], [[Amaury de Chartres]] agus [[Gilbert de la Porrée]] mínitheoirí móra an réalachais Phlatónaigh.
 
=== Platónachas an lae inniu ===
Ba iad na cosantóirí ba thábhachtaí den Phlatónachas sa ré nua-aoiseach [[Gottlob Frege]] agus [[Bertrand Russell]], fealsúna anailíteacha a thug le fios go raibh réimse neamhspleách ann mar a bríonna na dtairiscintí loighiciúlaloighciúla agus matamaiticiúla le fáil. Rinne [[Ludwig Wittgenstein]] an Platónachas sin a lochtú go géar in ''[[Tractatus logico-philosophicus]]'' agus é ag dul dul i muinín cineál éigin ainmneachais arís.  
 
* Dúirt [[Kurt Gödel]] go diongbháilte gur Phlatónach é, murab ionann agus a chara [[Albert Einstein]], fear a dúirt gur de lucht Spinoza é.
 
* Chuir intleachtóirí Francacha beocht san argóint: chosaincosnaíonn Alain Connes, matamaiticeoir, André Lichnerowicz agus Marcel-Paul Schützenberger an Platónachas<ref>''Triangle de pensée'', (Éditions Odile Jacob, 2000)</ref>, agus an lia Roland Omnès amhlaidh leo.<ref>''Alors l'Un devint Deux'' (Flammarion, 2002)</ref>
 
* Cuireann Roger Penrose, lia agus matamaiticeoir, in iúl gur brí mhatamaiticiúil atá le baint as dlíthe na fisice, agus a lán leabhar scríofa aige i ngeall air.