An difríocht idir athruithe ar: "Beannchar, Contae an Dúin"

no edit summary
Tá [[Beannchar]] suite ar theacht isteach [[Loch Lao]] agus tá bá mór foscúil in aice leis. Is baile mór í i g[[Contae an Dúin]] i d[[Tuaisceart Éireann]]. Tá 58,388 duine ina gcónaí i mBeannchar de réir daonáirimh [[2001]]
 
Sna meánaoiseanna, bhí an méid sin clú ar Bheannchar in oirthuaisceart na h[[Éireann]] gur luadh é ar léarscáil an domhain. Ar an Mappa Mundi atá le feiceáil i dTeampall Hereford i [[Sasana]], tá íomhá na hÉireann ar imeall an domhain, agus níl ach ceithre lonnaiocht ainmnbithe; Beannchar (ar tugadh “Civitas bencur” air), [[Baile Átha Cliath]], [[Ard Mhacha]] agus [[Cill Dara]]. Bhí meas mór ar Bheannchar ag an am mar gheall ar a mhainistir, a bhunaigh [[Naomh Comgall]] sa bhliain 558 AD.
 
Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na [[Lochlannaigh]] á hionsaí.
793

edits