Content deleted Content added
No edit summary
Líne 344:
 
Rudaí eile? [[Úsáideoir:Panu Petteri Höglund|Panu Petteri Höglund]] 07:12, 4 Márta 2010 (UTC)
 
:Bulai fir, taimid an-bhuíoch diot! Seo leathanach don alt: [[Vicipéid:Halla baile/10,000/Alt do www.beo.ie]].
 
:Is dócha gur cheart dúinn an t-alt breá faoi Ivan Bunin a lua mar 10,000ú alt na Vicipéide, a "foilsíodh" ar an 20 Feabhra. Maidir leis an gCaighdeán, ní dóigh liom gur cheart an iomarca béime a chur air. Úsáideann an chuid is mó de lucht na Vicipéide an Caighdeán, ach níl cosc ar chanúint ar bith mar tá saibhreas agus cruinneas na Gaeilge i bhfad níos tábhachtaí ná an caighdeánachas. Ní hé an Caighdeán an ghné is suntasaí den Vicipéid, agus an té ar fearr leis a chanúint féin, níl cosc ar bith air. Is fiú an Caighdeán a lua, ach ní gá mórán béime a chur air.
 
:Aontaím go huile is go hiomlán leis seo: ''acmhainn iontach í an Vicipéid don Ghaeilge (acmhainn a bhfuil an-phoitéinseal inti) ach tuilleadh cainteoirí líofa agus scríbhneoirí maithe a earcú''.
 
:B'fhéidir gur cheart dúinn an réimse leathan toipicí a lua, agus fiú cuid den eolas nach bhfuil le fáil ar an vicipéid Bhéarla, atá i bhfad níos mó ná an chiclipéid seo againne? [[Úsáideoir:Mangaire|Mangaire]] 23:13, 4 Márta 2010 (UTC)