An difríocht idir athruithe ar: "Microsoft Office Word"

Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 17:50, 17 Aibreán 2006

Is ríomhchlár próiseála focal é Microsoft Office Word ó Microsoft. Is é Richard Brodie a scríobh é do ríomhairí IBM ag rith DOS i 1983. Ina dhiaidh sin, scríobh leagain éagsúla a d’oibrigh ar an Apple Macintosh (1984), SCO Unix, OS/2 agus Microsoft Windows (1989). Níorbh i bhfad sula raibh sé bainteach leis an bhfoireann Microsoft Office.

Is ó Bravo, an bunphróiseálaí focal, a cruthaíodh ag Xerox PARC, a tháinig an chuid is mó de na gnéithe. D'fhág cruthaitheoir Bravo, Charles Simonyi PARC sa bhliain 1981 nuair a fuair sé fostaíocht le Microsoft. D'fhostaigh Simonyi Richard Brodie, a chuidigh leis le Bravo, an samhradh sin.

Scaoileadh Word do ríomhairí MS-DOS ar 2 Bealtaine, 1983. Níor cuireadh fáilte mhór roimhe agus níor éirigh leis chomh geal leis na próiseálaithe focal eile ar an margahd, ar nós WordPerfect.

Leagain

Leagain le haghaidh MS-DOS, ina measc siúd:

  • 1983 November Word 1
  • 1985 Word 2
  • 1986 Word 3
  • 1987 Word 4 (tugadh Microsoft Word 4.0 for the PC ar an leagan seo fosta)
  • 1989 Word 5
  • 1991 Word 5.1
  • 1993 Word 6.0

Leagain le haghaidh an Apple Macintosh, ina measc siúd:

  • 1985 January Word 1 for Macintosh
  • 1987 Word 3
  • 1989 Word 4
  • 1991 Word 5
  • 1993 Word 6
  • 1998 Word 98
  • 2000 Word 2001, an leagan deireanach a d'oibrigh le Mac OS 9
  • 2001 Word v.X, an chéad leagan a d'oibrigh le Mac OS X amháin
  • 2004 Word 2004

Leagain le haghaidh Microsoft Windows, ina measc siúd:

  • 1989 Mí na Samhna Word for Windows
  • 1991 Word 2 for Windows
  • 1993 Word 6 for Windows (Athuimhríodh "6" chun go mbeadh uimhir an leagain Windows ar taobh leis an leagan DOS, an leagan Macintosh, chomh maith le WordPerfect, an príomhphróiseálaí focal ag an am sin)
  • 1995 Word 95, nó Word 7 mar a tugadh air chomh maith
  • 1997 Word 97, nó Word 8 mar a tugadh air chomh maith
  • 1999 Word 2000, nó Word 9 mar a tugadh air chomh maith
  • 2001 Word 2002, nó Word 10 nó Word XP mar a tugadh air chomh maith
  • 2003 Word 2003 ("Microsoft Office Word 2003" go hoifigiúil), nó Word 11 mar a tugadh air chomh maith
  • 2007 Word 2007 ("Microsoft Office Word 2007" go hoifigiúil), nó Word 12 mar a tugtar air chomh maith; le scaoileadh in 2007