An difríocht idir athruithe ar: "Dolly Pentreath"

Content deleted Content added
Gae
m gramadach
Líne 1:
Meastar go minic gurbh í '''Dolly Pentreath''' (Dorothy Pentreath) (a d’éag i [[Mí na Nollag]], [[1777]]) an cainteoir aonteangach deireanach [[An Choirnis|Coirnise]] dá raibh ann (is é sin le rá an duine deireanach a labhair Coirnis amháin, agus ní [[Béarla]] chomh maith) — finscéal a bunaíodh as los an chuntais a scríobh Daines Barrington ag cur síos ar an agallamh a chuir sé ar Dolly. Thabhaigh sise clú agus cáil di féin mar gheall ar an nós a bhí aiceaici le bheith ag cur a hilmhallachtaí sa gCoirnis bhorba fhraochta ar dhaoine nuair a bhíodh fearg uirthi.<ref>[http://www.britannia.com/history/legend/cornish/cornss03.html Britannia]</ref> Lena bás, bhí an Choirnis marbh mar teangatheanga phobail go bunúsach. De réir an fhinscéil, ba iad "''Me ne vidn cewsel Sawznek!''" (“Nílim ag iarraidh Béarla a labhairt!”) na focail dheiridh a dúirtchan sí. Ach is dócha gurbh in an gnáthfhreagra a bhíodh aici nuair a cuireadhchuirtí caint uirthi sa mBéarla. Meastar gurbh é Cheston Marchant ó Gwithian an cainteoir dúchais Coirnise aonteangach deireanach, fear a fuair bás sa mbliain 1665<ref>http://www.magakernow.org.uk/index.aspx?articleid=38590</ref>, agus go raibh Béarla ag Dolly freisin mar sin.
 
==Beathaisnéis==
 
Chónaigh Dolly Pentreath i bParóiste Paul, in aice le Porthynys (Béarla Mousehole) ar an gcósta in iardheisceart [[Corn na Breataine|Chorn na Breataine]] – áit ar cuireadh í freisin. Tógadh leacht le hurraim di i mballa na cille dei chuiddTeampall Theampall NaoimhNaomh Phoal Aorelian (is Naomh [[An Bhriotáin|Briotánach]] as an m[[An Bhreatain Bheag|Breatain Bheag]] é Poal Aorelian; Paulinus Aurelianus sa Laidin agus Paul Aurelian sa mBéarla) i bPaul, sa mbliain [[1860]]. Thóg Louis Lucien Bonaparte, nia [[Napoléon Bonaparte|Napoléon]], agus biocáire Paul an leacht seo. Tá a lán scéalta faoin mbean seo. Deirtear go gcuireadh sí mallacht ar dhuine go minic, ag tabhairt “''kronnekyn hager du''” (buaf ghránna dhubh) orthu, mar shampla. Deirtí gur chailleach a bhíodhbhí inti fiú. Tá a lán scéalta éagsúla fúithi, ach ní fios cé chomh cruinn agus atá siad.
 
==Cainteoirí Coirnise níos deireanaí==
 
Fuair Barrington litir an bhliain i ndiaidh bhás Dolly Pentreath, scríofa sa gCoirnis le haistriúchán Béarla, ó iascaire as Porthynys darbh ainm Bodinar (nó Bodener), ag rá go raibh eolas aige ar chúigear a bhíriabh Coirnis acu sa mbaile beag áirithe sin amháin. Luann Barrington John Nancarrow ó Mharghasyow (Marazion i mBéarla) a bhí ina chainteoir dhúchaisdúchais agus a mhair go dtí na 1790idí.<ref>Ellis, P. Berresford (1971?) ''The Story of the Cornish Language'', Truro: Tor Mark Press</ref><ref>Ellis, P. Berresford (1974) ''The Cornish Language and its Literature''. London: Routledge & Kegan Paul''</ref>.
 
Tá conspóid ann mar gheall ar stádas Dolly mar chainteoiran cainteoir deireanach dúchais, cosúil le go leor de na “cainteoirí deireanacha dúchais” eile. D’fhoghlaim William Bodinar (a d’éag in 1794) [[An Choirnis|Coirnis]] agus é ina ghasúr agus, sa mbliain [[1776]], bhí sé fós in ann litir a scríobh sa teanga. Maíonn cúpla scoláire oirirc, Henry Jenner, Morton Nance agus Philip Payton ina measc, gur cheart go ndearctarndearcfaí ar John Davey as Boswednack (a d’éag 1891) mar an cainteoir “traidisiúnta” deireanach; dúradh gur labhair sé i gCoirnis lena chat i riocht is go gcoinneodh sé an teanga beo. Tá roinnt amhrais maidir le méid a chumais sa teanga; b’fhéidir gur cuireadh cuid acu ina leith níos déanaí. Bhí sé in inmhe filíochtafilíocht a chumadh sa gCoirnis agus thóg Cumann Chorn na Breataine Seanda (''Old Corwall Society'') plaic chuimhneacháin sa mbliain 1980 a mhaíos gurbh é “''the last to possess any considerable traditional knowledge of the Cornish Language''”.<ref>http://www.cornwallinfocus.co.uk/language/language.php</ref> Bhí an Choirnis fós á labhairt ina dhiaidh sin; d’fhoghlaim cúpla duine scoite an teanga agus mhair focail de bhunús Coirnise i gcanúint áitiúil an Bhéarla, dar ndóigh. Cuireadh síos ar Alison Treganning, a fuair bás sa mbliain 1906, mar chainteoir na Coirnise agus an BhéarlaBéarla araonfreisin. San am i láthair, tá roinnt páistí agus daoine fásta óga a labhraíos leaganacha éagsúla de Choirnis athbheoite mar chainteoirí dúchais. Mar shampla, is cainteoir dúchais na Coirnise agus na [[An Bhreatnais|Breatnaise]] ó aois a hóige í an [[ceoltóir]] [[An Bhreatain Bheag|Breatnach]] Gwenno Saunders ón ngrúpa The Pipettes.
 
Ba bhall de dhream pháistípáistí Zennor a labhair Coirnis eatarthu féin sna 1840idí é John Mann. Sa mbliain 1914, bhí an cainteoir dúchais Coirnise seo as Boswednack ina chónaí i Sráid Chapel, Lannyust (Béarla - St Just in Penwith) agus é 80 bliain d’aois aige, deich mbliana tar éis do ''Handbook of the Cornish Language'' (le Henry Jenner) an athbheochan a spreagadh.
 
Thíolaic Pêr-Jakez Helias, scríbhneoir Briotánach, [[filíocht|dán]] do Dolly Pentreath.