An difríocht idir athruithe ar: "Tadhg Óg Ó Cianáin"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 5:
Díreach roimh dó imeacht thar lear bhí Tadhg Óg ina chónaí i dTuíneán i gContae Ard Mhacha. Tá a ainm le fáil mar dhuine de lucht coimhdeachta Einrí Óig Uí Néill ar liosta pardún (‘fiant’) ó Mhí na Nollag 1602, in éineacht le cúigear eile de Mhuintir Chianáin (Cú Chonnacht, Seán mac Chonchúir, Pádraig Óg, Uaithne, Seán mac Phádraig Mhóir). Chaill Tadhg Óg a cheart ar a shealúchas – cúig bhó dhéag, ocht ngamhain, gearrán, capall marcaíochta, cúig mhuc fichead, agus luach £22.6s.3d ar an iomlán – ach fuair a bhean chéile ar ais iad trí Iarla Thuamhumhan, gaol léi.
Dealraíonn sé gur cailleadh Tadhg Óg sa Róimh as chuid
Tugann an dialann cuntas ar na cathracha agus na tíortha a shiúil Ó Néill agus a lucht coimhdeachta – na mioneachtraí, an aimsir (a bhí dona go leor go minic), an siamsa, na huaisle agus an lucht eaglaise a d’fháiltigh roimh na hÉireannaigh, an fiabhras a mharaigh cuid acu siúd sa Róimh. Tá suim ar leith ag an údar i míorúiltí agus i dtaisí. Tá stíl an chuntais soléite agus éasca, cés moite de roinnt focal ‘deacair’ a bhaineann le Gaeilge na scol.
Líne 11:
Ag seo sleachta as an dialann:
: ''(In Amiens sa Fhrainc.)'' Iar ndéanamh i meán lae do chuadar go teampall róbhreá ródhealraitheach dar comhainm teampall Mhuire. Taisealbhtar dóib ceann Eoin Baiste. É i ngloine chriostail, soiléir sofheisceana do na
: ''(In Antwerp.)'' Ar an tslí rompu gabhaid thar ruibhéar rómhór do thig ó Ghant. Leac oighre abhalmhór ar an ruibhéar. Beirid a n-eachra ar ardánaibh leo go meán in tsrutha ar an leic. Cuirid ansin i mbádaibh iad do ché oighre, 'na mhacasamhail i dtír don taobh araill. Rángadar fort atá os urchomhair chathrach Antuerp, Ceann Fhlónndrais a chomhainm. D’fhágadar ann a n-eachra. Do chuadar féin i mbádaibh gus an gcathraigh. Iar ngabáil tigh ósta éiríd d'fheiscint chaisleáin Antueirp. Measaid agus breathnaíd cách go bhfuil an caisleán sin ina mhéid féin ar oibreachaibh lándaingne na Críostaíochta.
Líne 17:
: ''(Sliabh Alpa.)'' Do bhí an sliabh líonta lán de shneachta agus d'oighre, de shlite agus de chosrachaibh caolchúnga corracha. Rángatar droichead comhard a bhí i ngleann ródhomhain, Droichead an Diabhail a chomhainm. Aroile d'eachra Uí Néill ar a raibh páirt dá airgead dá iompar, timpeall sé fichid éigin punt, titeann sé síos re beinn an ailt imaird oighreata shneachtaí do bhí os urchomhair an droichid. Fuarthas saothar dearmhair ag tabhairt an eich amháin aníos. Cinneann agus comhairlíonn an t-airgead fanúint ag imchoimhéad an tsrutha agairbh imdhomain ainiarmhartaigh a ghabhas faoin droichead trí cheartlár an ghleanna. Do bhíodar an oíche sin i mbaile beag dar comhainm Piedimonte. Sé léige a n-aistear an lá sin.
: ''(Tinte ealaíne sa Róimh.)'' An tairmtheacht os Chaisleán na nAingel arna chomhlíonadh de shoilsibh éagsúla. Pictiúir iolair agus dragúin arna ndealbhadh go hintleachtach aigeantach suadhúil os Chaisleán na nAingeal, is iad arna n-imdhéanamh agus arna gcomhlíonadh ó phúdar ar an taobh istigh. Timpeall chloig Ave-Maria do bhuain deoidh lae adhantar tinte insna héanaibh éagsúla iontacha sin. Ansin scuchaid agus comhlasaid in éineacht agus in aon fhábhall gur ligeadar caora agus casracha go gceathaibh toirneacha tintrí tritheamhrua os ard ionas gur chomhlíonadar méid áirithe don
==Leabhair agus Ailt==
|