An difríocht idir athruithe ar: "Tadhg Óg Ó Cianáin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 12:
 
[[File:Amiens-cathédrale.jpg|thumb|right|100px|Ardeaglais Amiens]]
: ''(In Amiens sa Fhrainc.)'' Iar ndéanamh i meán lae do chuadar go teampall róbhreá ródhealraitheach dar comhainm teampall Mhuire. Taisealbhtar dóib ceann Eoin Baiste. É i ngloine chriostail, soiléir sofheisceana do na huilibh do bheadh dá láthair go n-iliomad feart agus míorúiltí. Cruinnchathair dheas dhaingean an baile sin chun a dtig ruibhéar ón fharraige ar a dtaithíd báid gus an mbaile re sochomhal agus comhfhortacht na farraige. Tá an ruibhéar céanna sin arna chomhtharraingt agus arna chomhroinnt i ndíbh rannaibh déag seachnóin na cathrach, go riachtanas a leas droichead ar gach beangán fó leith díbh. Iar dtéarnó thar ais ó theampall Mhuire dóib gabhaid a bpost-eachra nárbh olc. Ligid go geata Fhlóndrais iad. Ar inan taobh istigh de ballaíbhbhallaíbh na cathrach chíd port ródhaingean ba leor láidre ag lucht na cathrach dá thógáil go n-iliomad luchta saothair agus oibre. Ar an taobh amuigh do na ballaíbh taispeántar dóib na trinsí talún agus na daingní díochra do rinneadh le rí na Fraince an tan bhí ''siege'' nó forbhaise aige ar Amiens, in aimsir a beith i seilbh rí na Spáinne, arna gabáilgabháil go glic uasal-intleachtach roimhe sin re trí cuideachtaibh Éireannacha.<ref>Tá litriú an tsleachta seo agus na sleachta a leanann é nuachóirithe beagán.</ref>
 
[[File:Marchionatus Sacri Romani Imperii - Antwerpen, het markgraafschap de de belangrijkste gebouwen (Claes Jansz. Visscher, 1624).jpg|thumb|right|100px|Antwerp sa chéad chuid den 17ú haois]]
: ''(In Antwerp.)'' Ar an tslí rompu gabhaid thar ruibhéar rómhór do thig ó Ghant. Leac oighre abhalmhór ar an ruibhéar. Beirid a n-eachra ar ardánaibh leo go meán inan tsrutha ar an leic. Cuirid ansin i mbádaibh iad do ché oighre, 'na mhacasamhail i dtír don taobh araill. Rángadar fort atá os urchomhair chathrach Antuerp, Ceann Fhlónndrais a chomhainm. D’fhágadar ann a n-eachra. Do chuadar féin i mbádaibh gus an gcathraigh. Iar ngabáil tigh ósta éiríd d'fheiscint chaisleáin Antueirp. Measaid agus breathnaíd cách go bhfuil an caisleán sin ina mhéid féin ar oibreachaibh lándaingne na Críostaíochta.
 
[[File:MassifMontBlanc7438.JPG|thumb|right|100px|Sliabh Alpa]]
: ''(Sliabh Alpa.)'' Do bhí an sliabh líonta lán de shneachta agus d'oighre, de shlite agus de chosrachaibh caolchúnga corracha. Rángatar droichead comhard a bhí i ngleann ródhomhain, Droichead an Diabhail a chomhainm. Aroile d'eachra Uí Néill ar a raibh páirt dá airgead dá iompar, timpeall sé fichid éigin punt, titeann sé síos re beinn an ailt imaird oighreata shneachtaí do bhí os urchomhair an droichid. Fuarthas saothar dearmhairdearmháir ag tabhairt an eich amháin aníos. Cinneann agus comhairlíonn an t-airgead fanúint ag imchoimhéad an tsrutha agairbh imdhomain ainiarmhartaigh a ghabhas faoin droichead trí cheartlár an ghleanna. Do bhíodar an oíche sin i mbaile beag dar comhainm Piedimonte. Sé léige a n-aistear an lá sin.
 
[[File:Bridge of Angels.jpg|thumb|right|100px|Droichead na nAingeal sa Róimh, agus a aghaidh ar Castel Sant'Angelo (‘Caisleán na nAingeal’).]]