An difríocht idir athruithe ar: "Tadhg Óg Ó Cianáin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 12:
 
[[File:Amiens-cathédrale.jpg|thumb|right|100px|Ardeaglais Amiens]]
: ''(In Amiens sa Fhrainc.)'' Iar ndéanamh i meán lae do chuadar go teampall róbhreá ródhealraitheach dar comhainm teampall Mhuire. Taisealbhtar dóibh ceann Eoin Baiste. É i ngloine chriostail, soiléir sofheisceana do na huilibh do bheadh dá láthair go n-iliomad feart agus míorúiltí. Cruinnchathair dheas dhaingean an baile sin chun a dtig ruibhéar ón fharraige ar a dtaithíd báid gus an mbaile re sochomhal agus comhfhortacht na farraige. Tá an ruibhéar céanna sin arna chomhtharraingt agus arna chomhroinnt i ndíbh rannaibh déag seachnóin na cathrach, go riachtanas a leas droichead ar gach beangán fó leith díbh. Iar dtéarnó thar ais ó theampall Mhuire dóibh gabhaid a bpost-eachra nárbh olc. Ligid go geata Fhlóndrais iad. Ar an taobh istigh de bhallaíbh na cathrach chíd port ródhaingean ba leor láidre ag lucht na cathrach dá thógáil go n-iliomad luchta saothair agus oibre. Ar an taobh amuigh do na ballaíbh taispeántar dóibh na trinsí talún agus na daingní díochra do rinneadh le na Fraince an tan bhí ''siege'' nó forbhaise aige ar Amiens, in aimsir a beith i seilbh Rí na Spáinne, arna gabháil go glic uasal-intleachtach roimhe sin re trí cuideachtaibh Éireannacha.<ref>Tá litriú an tsleachta seo agus na sleachta a leanann é nuachóirithe beagán.</ref>
 
[[File:Marchionatus Sacri Romani Imperii - Antwerpen, het markgraafschap de de belangrijkste gebouwen (Claes Jansz. Visscher, 1624).jpg|thumb|right|100px|Antwerp sa chéad chuid den 17ú haois]]