An difríocht idir athruithe ar: "Jalisco"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ceann de stáit Mheicsiceo atá i '''Jalisco''', nó ''Saorstát Flaithiúnais Jalisco'' (Spáinnis: ''Estado Libre y Soberano de Jalisco''). Tá an stát seo suite ar ch...'
 
No edit summary
Líne 4:
 
Deirtear gurb as Jalisco a tháinig dhá ghné thábhachtacha de chultúr Mheicsiceo - an ''tequila'' agus an ''mariachi''. Is éard atá i gceist leis an ''tequila'' ná deoch láidir alcólach a dhriogtar as sú coipthe (''pulque'') an chineál [[agáibhe]] ghoirm (''Agave tequilana'') a bhíonn ag fás go flúirseach in ithir bholcánach Jalisco. Fuair an deoch a hainm ó chathair Tequila i Jalisco. Maidir le ''mariachi'', is éard atá i gceist leis ná banna ceoltóirí a sheinneann ceol bíoga bríomhar. Is féidir banna ''mariachi'' a fháil ar cíos le haghaidh fleánna agus féastaí, agus bíonn na ceoltóirí seo in ann amhráin a chanadh freisin. Is iad na hionstraimí is minice a bhíonn acu ná trumpaí, veidhlíní agus giotáir éagsúla. Is iad an ''guitarrón'' (cineál dordghiotáir) agus an ''vihuela'' (giotár ardairde a bhfuil cúig théad ann) a dhéanann ''mariachi'' den bhanna ceoil.
 
Is í an Spáinnis an teanga is mó a labhraítear. Níl teanga bhundúchasach ach ag 1 % de mhuintir an stáit. Is iad na teangacha is tábhachtaí acu seo ná an teanga ''Nahuatl'' - seanteanga na nAstacach arb í an teanga bhundúchasach is tábhachtaí i Meicsiceo inniu féin - an teanga ''Huichol'' - teanga a bhfuil lúb ghaoil aici leis an teanga ''Nahuatl'' - agus an teanga ''Purepecha'', nach bhfuil gaolta ar bith aici.