An difríocht idir athruithe ar: "Emiliano Zapata"

Content deleted Content added
Zorrobot (plé | dréachtaí)
m róbat ag suimiú: nn:Emiliano Zapata
No edit summary
Líne 1:
{{glanadh}}
[[Íomhá:Emiliano Zapata5.jpg|thumb|220px|Emiliano Zapata]]
 
Bhí '''Emiliano Zapata Salazar''' ([[8 Lúnasa]] [[1879]] – [[10 Aibreán]] [[1919]]) ar na ceannairí ba thábhachtaí i [[Réabhlóid Mheicsiceo]] in aghaidh an deachtóir [[Porfirio Díaz]], a tharla sa bhliain [[1910]]. Rugadh é i stát Morelos i lár-dheisceart Mheisiceo. Ba de chúlra tuathánach é. Bhunaigh agus threoraigh sé an fórsa tábhachtach réabhlóideach ar a dtugtaí Arm Fhuascailte an Deiscirt. El Caudillo del Sur ("Taoiseach an Deiscirt") a thugtaí airsan.
Bhí '''Emiliano Zapata Salazar''', a rugadh ar an [[8 Lúnasa]] [[1879]] in Anenecuilco (stát Morelos) agus a maraíodh ar an [[10 Aibreán]] [[1919]] i Chinameca sa stát chéanna, ar na ceannairí ba tábhachtaí i [[Réabhlóid Mheicsiceo]] in aghaidh an deachtóra [[Porfirio Díaz]] sa bhliain [[1910]]. Rugadh faoin tuath é, ach ní raibh sé chomh bocht leis an gcuid is dearóile de mhuintir na tuaithe, agus bhí ról ceannasach aige ina phobal féin sula ndeachaigh sé leis an réabhlóid. Cé go raibh sé féin réasúnta sócúlach, luigh a chroí le cosmhuintir Anenecuilco, agus theastaigh uaidh buille a bhualadh ar a son siúd. Eisean a d'earcaigh Arm Fuascailte an Deiscirt, fórsa tábhachtach réabhlóideach, agus bhí sé féin ina ghinearál ar an bhfórsa seo, freisin. Dá réir sin, thugtaí ''El Caudillo del Sur'', "Taoiseach an Deiscirt", air.
Throid sé ar feadh na mblianta ach ar deireadh mharaigh fórsaí an rialtais é nuair a tháinig sé le bualadh leo ina stát dúchais, Morelos.
 
Thaobhaigh Zapata le Francisco Madero, a bhí ag iarraidh Díaz a chloí, ach nuair a d'éirigh le Madero an deachtóir a ruaigeadh, ní raibh sé féin sásta an cineál leasuithe radacacha a chur i gcrích a bhí ag teastáil ó Zapata. Chuaigh Zapata chun cogaidh le tailte a bhaint amach do na bochtáin, agus bhain Madero mealladh as, ó nach raibh athroinnt chuimsitheach na dtailte ar a chlár oibre féin. I ndeireadh na bliana 1911, d'éalaigh Zapata go dtí na sléibhte le gluaiseacht réabhlóideach nua a thosú.
 
Sa bhliain 1913, dúnmharaíodh Francisco Madero, agus tháinig Victoriano Huerta i gcomharbas air. Rinne Huerta iarrachtaí le síocháin a shocrú le Zapata, ach ní raibh Zapata sásta comhoibriú "leo siúd a mharaigh Madero", mar a dúirt sé - cé gur chaith sé féin tréimhse ag cur cogaidh ar Madero. Nuair a tháinig Venustiano Carranza i gcomharbas ar Huerta mar Uachtarán, níor thug Zapata aitheantas dó ach an oiread: thaobhaigh sé le Francisco "Pancho" Villa, taoiseach míleata an Tuaiscirt, agus thacaigh an bheirt le hEulalio Gutiérrez mar Uachtarán sealadach.
 
D'éirigh le Carranza, áfach, sluaite Villa a chur ag cúlú, agus sa bhliain 1916, bhris a chuid trúpaí an cath ar Zapata ina lán áiteanna. Nuair a maraíodh Zapata i luíochán ar an 10 Aibreán 1919, ní raibh ann ach taoiseach treallchogaíochta a raibh na trúpaí ag rith gann air.
 
Mar sin féin, i ndiaidh a bháis, d'iompaigh sé ina naomh i súile na mbochtán, agus scríobh duine acu na focail seo ar chros a uaighe: ''Níl ach marbhán éigin ina luí anseo. Ní anseo atá Zapata.'' Mhair Arm Fuascailte an Deiscirt ag troid tréimhse mhaith i ndiaidh bhás Zapata, agus sa bhliain 1994, tháinig gluaiseacht fhuascailte nua ar an bhfód i measc na mbocht i ndeisceart na tíre a luann Zapata mar réalta eolais: na ''Zapatistas'', nó ''Ejército Zapatista de Liberación Nacional'' ("Arm ''Zapatista'' na Fuascailte Náisiúnta).
 
Chuir finscéal Zapata - an treallchogaí dochloíte - an oiread draíochta ar na daoine taobh amuigh de Mheicsiceo féin is go ndearna an stiúrthóir Elia Kazan scannán faoina shaol, ''Viva Zapata!'', sa bhliain 1952. Ba é Marlon Brando a chonacthas i ról Zapata féin.
 
 
 
{{síol}}