An difríocht idir athruithe ar: "Emiliano Zapata"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 9:
D'éirigh le Carranza, áfach, sluaite Villa a chur ag cúlú, agus sa bhliain 1916, bhris a chuid trúpaí an cath ar Zapata ina lán áiteanna. Nuair a maraíodh Zapata i luíochán ar an 10 Aibreán 1919, ní raibh ann ach taoiseach treallchogaíochta a raibh na trúpaí ag rith gann air.
 
Mar sin féin, i ndiaidh a bháis, d'iompaigh sé ina naomh i súile na mbochtán, agus scríobh duine acu na focail seo ar chros a uaighe: ''Níl ach marbhán éigin ina luí anseo. Ní anseo atá Zapata.'' Mhair Arm Fuascailte an Deiscirt ag troid tréimhse mhaith i ndiaidh bhás Zapata, agus sa bhliain 1994, tháinig gluaiseacht fhuascailte nua ar an bhfód i measc na mbocht i ndeisceart na tíre a luann Zapata mar réalta eolais: na ''Zapatistas'', nó ''Ejército Zapatista de Liberación Nacional'' ("Arm ''Zapatista'' na Fuascailte Náisiúnta").
 
Chuir finscéal Zapata - an treallchogaí dochloíte - an oiread draíochta ar na daoine taobh amuigh de Mheicsiceo féin is go ndearna an stiúrthóir Elia Kazan scannán faoina shaol, ''Viva Zapata!'', sa bhliain 1952. Ba é Marlon Brando a chonacthas i ról Zapata féin.