An difríocht idir athruithe ar: "Emiliano Zapata"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 11:
Mar sin féin, i ndiaidh a bháis, d'iompaigh sé ina naomh i súile na mbochtán, agus scríobh duine acu na focail seo ar chros a uaighe: ''Níl ach marbhán éigin ina luí anseo. Ní anseo atá Zapata.'' Mhair Arm Fuascailte an Deiscirt ag troid tréimhse mhaith i ndiaidh bhás Zapata, agus sa bhliain 1994, tháinig gluaiseacht fhuascailte nua ar an bhfód i measc na mbocht i ndeisceart na tíre a luann Zapata mar réalta eolais: na ''Zapatistas'', nó ''Ejército Zapatista de Liberación Nacional'' ("Arm ''Zapatista'' na Fuascailte Náisiúnta").
 
Chuir finscéal Zapata - an treallchogaí dochloíte - an oiread draíochta ar na daoine taobh amuigh de Mheicsiceo féin is go ndearna an stiúrthóir [[Elia Kazan]] scannán faoina shaol, ''Viva Zapata!'', sa bhliain [[1952]]. Ba é [[Marlon Brando]] a chonacthas i ról Zapata féin. Bhí an scannán bunaithe ar an tuiscint gur réabhlóidí simplí a bhí i Zapata nach raibh ach ag iarraidh cothrom féinne a bhaint amach do na bochtáin, agus nach raibh na ceannairí réabhlóideacha eile ach ag glacadh buntáiste ar Zapata lena sainleas féin a chur chun cinn. Is é an cur síos a thug an scannán ar Zapata ná gur scológ a bhí ann nach raibh ceá ná ciú aige - le fírinne, áfach, bhí cúlra meánaicme aige, agus é in ann scríbhneoireacht agus léitheoireacht a dhéanamh.