An difríocht idir athruithe ar: "Tadhg Óg Ó Cianáin"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 5:
Díreach roimh dó imeacht thar lear bhí Tadhg Óg ina chónaí i dTuíneán i gContae Ard Mhacha. Tá a ainm le fáil mar dhuine de lucht coimhdeachta Einrí Óig Uí Néill ar liosta pardún (‘fiant’) ó Mhí na Nollag 1602, in éineacht le cúigear eile de Mhuintir Chianáin (Cú Chonnacht, Seán mac Chonchúir, Pádraig Óg, Uaithne, Seán mac Phádraig Mhóir). Chaill Tadhg Óg a cheart ar a shealúchas – cúig bhó dhéag, ocht ngamhain, gearrán, capall marcaíochta, cúig mhuc fichead, agus luach £22.6s.3d ar an iomlán – ach fuair a bhean chéile ar ais iad trí Iarla Thuamhumhan, gaol léi.
 
Dealraíonn sé gur cailleadh Tadhg Óg sa Róimh assa chuid dheireanach den bhliain 1614. Ba dheartháir le [[Cu Chonnacht Ó Cianáin]] é.
 
Tugann an dialann cuntas ar na cathracha agus na tíortha a shiúil Ó Néill agus a lucht coimhdeachta – na mioneachtraí, an aimsir (a bhí dona go leor go minic), an siamsa, na huaisle agus an lucht eaglaise a d’fháiltigh roimh na hÉireannaigh, an fiabhras a mharaigh cuid acu siúd sa Róimh. Tá suim ar leith ag an údar i míorúiltí agus i dtaisí. Tá stíl an chuntais soléite agus éasca, cés moite de roinnt focal ‘deacair’ a bhaineann le Gaeilge na scol.
Líne 12:
 
[[File:Amiens-cathédrale.jpg|thumb|right|100px|Ardeaglais Amiens]]
: ''(In Amiens sa Fhrainc.)'' Iar ndéanamh i meán lae do chuadar go teampall róbhreá ródhealraitheach dar comhainm teampall Mhuire. Taisealbhtar dóibh ceann Eoin Baiste. É i ngloine chriostail, soiléir sofheisceana do na huilibh do bheadh dá láthair go n-iliomad feart agus míorúiltí. Cruinnchathair dheas dhaingean an baile sin chun a dtig ruibhéar ón fharraige ar a dtaithíd báid gus an mbaile re sochomhal agus comhfhortacht na farraige. Tá an ruibhéar céanna sin arna chomhtharraingt agus arna chomhroinnt i ndíbh rannaibh déag seachnóin na cathrach, go riachtanas a leas droichead ar gach beangán fó leith díbh. Iar dtéarnó thar ais ó theampall Mhuire dóibh gabhaid a bpost-eachra nárbh olc. Ligid go geata Fhlóndrais iad. Ar an taobh istigh de bhallaíbh na cathrach chíd port ródhaingean ba leor láidre ag lucht na cathrach dá thógáil go n-iliomad luchta saothair agus oibre. Ar an taobh amuigh do na ballaíbh taispeántar dóibh na trinsí talún agus na daingní díochra do rinneadh le Rí na Fraince an tan bhí ''siege'' nó forbhaise aige ar Amiens, in aimsir a beith i seilbh Rí na Spáinne, arna gabháil go glic uasal-intleachtach roimhe sin re trí cuideachtaibh ÉireannachaÉireannach.<ref>Tá litriú an tsleachta seo agus na sleachta a leanann é nuachóirithe beagán.</ref>
 
[[File:Marchionatus Sacri Romani Imperii - Antwerpen, het markgraafschap de de belangrijkste gebouwen (Claes Jansz. Visscher, 1624).jpg|thumb|right|100px|Antwerp sa chéad chuid den 17ú haois]]