An difríocht idir athruithe ar: "Murchadh Ó Briain, Iarla Inse Chuinn"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 12:
== Fear an Rí ==
 
Tháinig imní air de barr an [[Vote of No Addresses (Vóta Gan Aithisc)| “Vóta Gan Aithisc”]], vóta i bParlaimint Shasana a thug dúshlán an Rí, agus thaobhaigh sé go poiblí le Séarlas i Mí Mhárta 1648. Dúirt sé gur chóir sos cogaidh a shocrú le lucht an Chomhcheangail, ach tharla easaontas idir an tArd-Chomhairle agus ionadaí an Phápa, an tArd-Easpag Rinuccini, dá bharr. D’fháiltigh an Brianach roimh [[Séamas de Buitléir|Shéamas de Buitléir, Marcas Urmhumhan]], nuair a d’fhill sé siúd ar Éirinn sa bhliain 1648, agus thacaigh sé leis an Dara Síocháin, sos cogaidh a thug na Ríogaithe agus lucht an Chomhcheangail le chéile i gcoinne Pharlaimint Shasana. Chaith an Brianach cuid mhaith de na blianta 1648 agus 1649 ag iarraidh deireadh a chur le comhrac an Niallaigh in aghaidh chomhar an Chomhcheangail agus na Ríogaithe. Chríochnaigh an comhrac faoi shamhradh na bliana 1649, ach bhain sé de neart na Ríogaithe agus iad ag cur i gcoinne Chromail. Bhí an Brianach i láthair ag Cath Ráth Maonais, nuair a buadh go dona ar na Ríogaithe, cé gur tháinig a chuid saighdiúirí ina gcúlgharda idir an fuíoll agus an namhaid.

Trí mhí ina dhaidhdhiaidh sin d’ionsaigh sé na Parlaimintigh ach buadh air ag Cath an Inbhir Mhóir sa bhliain 1649, agus bhain an díomua seo go mór dá chlú. I gceann bliana bhí droch-chuma ar chás na Ríogaithe. I Mí Mhárta bhris Broghill an cath ar roinnt complachtaí a bhí dílis don Bhrianach go fóill, agus faoi Mhí na Bealtaine 1650 bhí mórán dá chuid saighdiúirí Protastúnacha eile dulta leis na Parlaimintigh. Ba ghearr go ndeachaigh an Brianach chun na Fraince ina dheoraí in éineacht leis an mBuitléarach.
 
== Athbhunú ==