An difríocht idir athruithe ar: "Murchadh Ó Briain, Iarla Inse Chuinn"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3:
Rinne sé saighdiúireacht in Arm Spáinneach na hIodáile idir na blianta 1636 agus 1639. D’fhill sé abhaile, phós iníon an Ridire William St Leger, Uachtarán Chúige Mumhan, agus rialaigh an cúige sin tar éis bhás St Leger. Nuair a d’éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641 chuaigh sé i leith na gcoilíneach Sasanach agus na bProtastúnach, agus choinnigh sé smacht ar Chorcaigh agus ar iardheisceart na hÉireann in ainm an Rí go dtí gur shocraigh [[Séamas de Buitléir]], an chéad Diúc Urmhumhan, an Sos Mór i Mí Mheán Fómhair, 1643. Sa bhliain 1642 ruaig sé arm de chuid an [[Comhcheangal na hÉireann|Chomhcheangail]] faoi cheannas [[Gearóid de Barra|Ghearóid de Barra]] ag [[Cath Lios Cearúill]], arm a bhí ag déanamh ar Chorcaigh.
 
Dealraíonn sé go raibh gráin ar leith aige ar mhórcheannasaí eile, [[Eoghan Rua Ó Néill]]. Ba mhór idir an bheirt. Bhí an Niallach ag taobhú leis na náisiúnaithe Caitliceacha, agus bhí cúis shinseartha leis an bhfaltanas freisin, sa mhéid gur maraíodh seanathair an Bhrianaigh (Murchadh eile) sa bhliain 1597 agus é ag troid le saighdiúirí a chuaigh i bpáirt le hAodh Rua Ó Néill, uncail Eoghain.
 
== Fear na Parlaiminte ==
 
Nuair a theip ar an mBrianach post Uachtarán Chúige Mumhan a fháil ónó Rí SéarlasShéarlas I, post a tugadh d’Iarla Portland, tháinig colg air. D’fhill sé ar Éirinn agus chuaigh i bpáirt le lucht na Parlaiminte; ruaig sé na Caitlicigh as Corcaigh, as Eochaill agus as Ceann Sáile, agus bhuaigh ar an gComhcheangal san iardheisceart. Chreach sé Caiseal sa bhliain 1647 agus rinne sé léirscrios ar Chúige Mumhan, rud a tharraing ''Murchadh an Dóiteáin'' air mar leasainm. Rug sé bua mór ar arm Thiobóid Taaffe, an chéad Iarla Chairlinn, ag [[Cath Chnoc na nEas]] i Mí na Samhna 1647, bua a mhill Arm an Chomhcheangail i gCúige Mumhan.
[[Image:kilkenny castle.jpg|250px|thumb|Caisleán Chill Chainnigh. Ba í Cill Chainnigh príomhchathair an Chomhcheangail.]]