An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid de Barra"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
[[Image:Siege of Breda.jpg|right|thumb|Na Spáinnigh san Ísiltír sa bhliain 1624. (Jacques Callot a rinne.)]]
Saighdiúir de chuid an [[17ú haois]] ba ea '''Gearóid de Barra'''. Rugadh é i g[[Contae Chorcaí]] agus, ar nós a lán fear eile den uaisle [[Caitliceach|Chaitliceach]], chuaigh sé ag saighdiúireacht thar lear. Rinne sé seirbhís sa reisimint Éireannach in Arm na Spáinne i bh[[Flóndras]] ar feadh beagnach tríocha bliain agus é ag troid le fórsaí ChúigíCúigí Aontaithe na hÍsiltíre.
 
D'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1640, ag iarraidh fir a earcú d'Arm na Spáinne. Ach d'éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641, agus chuaigh de Barra i bpáirt le Comhcheangal Caitliceach na hÉireann. Ceapadh é mar ghinearál ar fhórsaí an Chomhcheangail i g[[Cúige Mumhan]]. Rinne sé ar [[Luimneach]] sa bhliain 1642 agus chuidigh Caitlicigh na cathrach leis Caisleán Rí Eoin, áit a raibh slua Protastúnach, a ghabháil. Thochail sé faoi na ballaí agus bhain tairbhe as snípéirí nó gur ghéill an namhaid, agus drochbhail orthu faoin am sin. Ligeadh don fhuíoll dul chun [[Baile Átha Cliath]].