An difríocht idir athruithe ar: "Cois Fharraige"

Content deleted Content added
Cata.
m nasc
Líne 1:
Is ceantar é '''Cois Fharraige''' atá in iarthar [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] agus é ag síneadh siar ó chathair na [[Gaillimh|Gaillimhe]] go [[Casla]]. Is cuid de [[Conamara|Chonamara]] é an ceantar seo freisin (síneann Conamara i bhfad níos faide siar agus ó thuaidh). I measc na mbailte i gCois Fharraige tá [[Bearna]], [[na Forbacha]], [[an Spidéal]], [[Indreabhán]], [[An Tulach (Cois Fharraige)|An Tulach ]] agus [[Ros an Mhíl ]]. Tá ceantar Chois Fharraige ar cheann de na ceantair [[Gaeltacht|Ghaeltachta]] is láidre sa tír. Bíodh sin mar atá, tá an teanga faoi bhrú ón mBéarla sna bailte seo, go háirithe na cinn is gaire den chathair. Tá go leor tógála ar bun sa cheantar agus is minic gur daoine gan [[Gaeilge]] ón taobh amuigh a cheannaíonn na tithe. Ach is iad muintir na háite a bhfuil an t-iarann déanta acu á dtógáil!! Le blianta beaga anuas tá díospóireacht go leor ar siúl mar gheall ar an gceist seo agus tá alt faoi ráiteas tionchair teanga curtha i bplean an chontae dá bharr.
 
Cónaíonn formhór phobal Chois Fharraige laistigh de chúpla ciliméadar ó bhruach na mara, mar gur ann atá an bóthar, agus mar go rabhadar go mór ag brath ar an bhfarraige san am a caitheadh. Cé go raibh an ceantar bocht go maith go dtí na [[1980í]], tá i bhfad níos mó dul chun cinn déanta i gCois Fharraige ná mar atá déanta in go leor ceantar eile in [[Iarthar na hÉireann]]. Chuir [[Údarás na Gaeltachta]] riar maith fostaíochta ar fáil sa cheantar. Cuidíonn tionscal na g[[Coláistí Gaeilge]] cuid mhaith le hioncam a chruthú do mhuintir na dtithe lóistín sa cheantar. Chomh maith leis, tá tábhacht leis na Coláistí sa cheantar mar go dtugann siad spreagadh do dhaoine an teanga a labhairt agus a úsáid agus go dtugann siad fostaíocht shéasúrach d'aos óg an cheantair trí [[Ghaeilge]].