An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: ar:مايكل كولينز (سياسي أيرلندي) |
|||
Líne 123:
I Mí Aibreáin sa bhliain 1922, shealbhaigh dhá chéad Óglach frith-Chonartha [[na Ceithre Cúirteanna]] i m[[Baile Átha Cliath]] i ndiúnas ar an Rialtas Sealadach. Bhí an Coileánach ag iarraidh cogadh cathartha a sheachaint, agus mar sin, staon sé ón bhfoirgneamh a ionsaí, go dtí nár fhág na Gaill an dara rogha aige. Ar [[22 Meitheamh|an dóú lá fichead de Mhí an Mheithimh]], mharaigh beirt Óglach Sior [[Henry Wilson]], ginearál Gallda ar pinsean, i m[[Belgravia]] i Londain. San am sin, chreid an saol mór gurbh iad na hÓglaigh fhrith-Chonartha a rinne an obair. Bhagair [[Winston Churchill]] ar an gCoileánach [[Arm na Breataine]] a chur go Baile Átha Cliath leis na frith-Chonraitheoirí a chaitheamh amach as na Ceithre Chúirteanna, mura mbeadh an Coileánach sásta é a dhéanamh.
Déanta na fírinne, tháinig sé chun solais idir an dá linn gurbh é an Coileánach féin a d'ordaigh an dúnmharú le díoltas a agart ar Wilson a bhí páirteach sna géarleanúintí ar na [[Caitlicigh]] san oir-thuaisceart. B'é [[Seosamh Dolan]], a bhí ina bhall de scuad feallmharfóireachta an Choileánaigh i gCogadh na Saoirse agus a chuaigh ina Chaptaen in Arm an tSaorstáit ina dhiaidh sin, a nocht an méid sin sna caogaidí. D'inis sé freisin go bhfuair sé féin orduithe ón gCoileánach an bheirt fhear a mharaigh Wilson a tharrtháil sula gcuirfí chun báis iad. Cibé scéal é, ní raibh de rogha ag an gCoileánach, ansin, ach dul i ndeabhaidh lann leis na frith-
Na himeachtaí seo a chuir tús le [[Cogadh Cathartha na hÉireann]], nuair a phléasc cathanna amach idir na frith-Chonraitheoirí agus trúpaí an tSaorstáit. Faoi cheannas an Choileánaigh, ghabh fórsaí an tSaorstáit an phríomhchathair go sciobtha. I Mí Iúil 1922 bhí na frith-Chonraitheoirí i seilbh Chúige [[Mumhan]] agus cuid mhaith eile den tír. Thaobhaigh de Valera agus na Teachtaí Dála frith-Chonartha eile leis na hÓglaigh a bhí in aghaidh an tSaorstáit. Thart faoi lár na bliana, d'fhág an Coileánach uaidh cúraimí an Phríomh-Aire le bheith ina ardcheannasaí ar an Arm Náisiúnta. Arm ceart faoi shainéide ab ea é agus é ag fás timpeall ar an bhfaicsean de na hÓglaigh a bhí báúil leis an gConradh. Tháinig borradh mór ar arm an tSaorstáit le cuidiú na Sasanach, idir threalamh agus mhaoiniú, agus fir nua á bhfruiliú le haghaidh an chogaidh chathartha. Chinn an Coileánach in éineacht le h[[Eoin Ó Dufaigh]] agus Risteard Ó Maolchatha díormaí a thabhairt go dtí an Mhumhain ón bhfarraige. Chuaigh na Saorstátairí i dtír ar chósta na Mumhan in aice leis na críocha a bhí á gcoimeád ag na frith-conraitheoirí , agus i ndeireadh an tSamhraidh, d'athghabh saighdiúirí an tSaorstáit an Mhumhain agus iarthar na tíre. Chuaigh an Coileánach féin go Contae Chorcaí, a sheanfhód dúchais. Bhí mífhoighne air an cogadh a chríochnú chomh luath agus ab fhéidir, agus deirtear go raibh sé ag iarraidh teacht i dteagmháil leis na cinnirí frith-Chonartha le go bhféadfaí sos cogaidh a chur ar bun, ar a laghad.
|