An difríocht idir athruithe ar: "Rothar"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: pap:Bais
m róbat ag suimiú: ur:دوچرخہ; cosmetic changes
Líne 1:
[[ImageÍomhá:Reiserad-beladen.jpg|thumb| ]]
Is gléas talún le dhá roth í '''rothar'''. Cóir taisteal ana áisiúil ar fad is ea an rothar. Tá sé saor le ceannach agus an té go mbíonn sé aici nó aige, bíonn sí nó sé beag bheann ar aon bhóthar dá fhaid. Ina theannta sin, tugann an rothaíocht suathadh maith do bhaill an duine agus is sláintiúil an cineál caitheamh aimsire é, ní airmhím a bhfaigheann duine de d'aoibhneas tríd le dul amach faoin dtuath faoin aer breá ghlan aon tráth den bhliain is mian leo.
 
Líne 8:
Tá an rothar trí huaire níos gaiste ná siúl na gcos leis an iarracht chéanna agus trí huaire níos feidhmiúla. Mar bhealach chun bia a thiontú go fuinneamh áisiúil is é seo an modh gluaiseachta is feidhmiúla atá ag neach beo ar bith.
 
== Stair ==
Is iomaí réamhtheachtaí a bhí ann don rothar. Luaitear go minic an célérifière a chum an Cúnta Mede De Sivrac i [[1790]], agus an lauftmaschine a chuir an barún Gearmánach [[Karl Drais Von Sauerbronn]] os comhair mhuintir [[Páras|Pháras]] i [[1818]]. Bhí gléasanna eile ar nós an draisienne, an hobby horse, biciped agus an trotinette ann chomh maith agus an vélocipède a raibh an-tóir air tar éis [[1866]]. Bhí siad an-mhíshócúlach agus bronnadh an leasainm 'boneshaker' orthu.
 
Líne 17:
In [[Éire|Éirinn]], do bhain timirí [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] agus na [[Óglaigh na hÉireann|hÓglaigh]] feidhm as an rothar chun ranganna agus cruinnithe a eagrú.
 
Tháinig an gluaisteán chun cinn ag an am céanna agus tháinig meath ar an rothair mar mhodh taistil idir cathracha, ach leanadh ar aghaidh á thaisteal ar i mbailte móra chun turais ghearra a dhéanamh, in áiteanna atá ró-chúng don ghluaisteán nó ina bhfuil locadh gluaisteán gann nó an-daor. De réir mar a d'éirigh daoine as an rothar mar phríomh-mhodh taistil tháinig sé chun cinn mar ghléas caitheamh aimsire, go háirithe ag déagóirí.
 
[[Catagóir:Feithiclí]]
Líne 111:
[[tr:Bisiklet]]
[[uk:Велосипед]]
[[ur:دوچرخہ]]
[[uz:Velosiped]]
[[vec:Bicicleta]]