An difríocht idir athruithe ar: "An Albáinis"

Content deleted Content added
Líne 33:
 
Maidir leis an aibítir Ghréagach, baineann na h''Arvanitika'', nó Albánaigh na Gréige, úsáid aisti inniu féin lena gcanúint a chur ar pár, má scríobhann siad í ar aon nós. Sna laethanta a bhí, áfach, bhí an aibítir seo i bhfad ní ba tábhachtaí i saol cultúrtha na nAlbánach. Bhí lucht labhartha na Toscaise ag scríobh a gcuid canúintí leis na litreacha Gréagacha chomh luath leis an mbliain 1500, agus bhí clólann i Voskopojë san ochtú haois déag a d'fhoilsigh leabhair Albáinise san aibítir Ghréagach. (San am sin, ba lárionad cultúrtha tábhachtach é Voskopojë, ó bhí na bealaí trádála ag fabhrú don áit. Inniu, níl ann ach sráidbhaile beag in Oirthear na hAlbáine.)
 
Na hAlbánaigh a chuaigh ar scoil Seirbise sa Chosaiv fadó, bhain siad úsáid éigin as na litreacha Coireallacha, ach ní raibh údarás oifigiúil leis an gcleachtas sin riamh.
 
Inniu, is í an aibítir Laidineach a úsáidtear go hoifigiúil. Is iad na litreacha speisialta atá ann ná ë (a sheasann don ghuta dhoiléir, an cineál guta a chloisfeá i bhfocail Béarla cosúil le ''her'', mar a fhuaimnítear "i mBéarla na Bainríona" é) agus ç (cosúil le ''ch'' an Bhéarla). Thairis sin, fuaimnítear litreacha áirithe ar dhóigh neamhchoitianta: