An difríocht idir athruithe ar: "Benjamin Britten"

Content deleted Content added
Líne 17:
Ba é ''Peter Grimes'' an chéad cheann de shraith ceoldrámaí i mBéarla, dá bhfuair ''Billy Bud'' (1951) agus ''The Turn of the Screw'' (1954) moladh faoi leith. Tháinig a cheoldráma ''A Midsummer Night’s Dream'' (1960), leagan den dráma [[Shakespeare]], ar a sála orthu. Ar na téamaí a bhí i gcoitinne ag na ceoldrámaí seo tá an carachtar atá lasmuigh ag an sochaí nó nach bhfuil tuiscint ann dó. Is é seo an príomhcharachtar go minic, agus tábhacht faoi leith lena ainm—Peter Grimes nó Owen Wingrave, mar shampla. Faoi am na nOnóracha Corónaithe sa bhliain 1953, bhí Britten tábhachtach go leor gur ceapadh é mar Chompánach Onóra (“Companion of Honour” nó CH).
 
Tharraing Britten ar fhoinsí áitiúla traidisiúnta Sasanacha a leithéidí George Crabbe (thuasluaite) agus, ní b’fhaide siar, drámaí míorúilte Sasanacha ón Mheánaois. Sa bhliain 1957 rinne Britten agus Pears turas ar an Oirthear, mar a dtarraingíodh aird Bhritten ar cheol an ghamelan BhailinéisíBhailinéisigh agus ar na drámaí Nó [[an tSeapáin|Seapánacha]]. Bhí ceolta an Oirthir ag dul i gcion ar Bhritten in aghaidh na huaire sa tréimhse sin.
 
Cé gur chuir Britten suas de ridireacht roimhe sin, ghlac sé tiarnas saoil ar an 2 Iúil 1976 mar Bharún Britten Aldeburgh i gContae Suffolk. Roinnt míonna ina dhiaidh sin theip ar a chroí agus fuair sé bás ina theach in Aldeburgh, "an Teach Dearg". Tá sé curtha sa reilig ag Eaglais Naomh Peadar agus Pól in Aldeburgh. Tá uaigh a chomrádaí, Sir Peter Pears, in aice lena cheann féin.