An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh na hÉireann (1913-1919)"

eagraíocht mhíleata Éireannach, 1913–1919
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 16:03, 24 Meán Fómhair 2004

Óglaigh na hÉireann. Eagraíocht mhíleata a bunaíodh mar fhreagra ar Óglaigh Uladh. Nuair a d'fhógair Rialtas impiriúil na Breataine go dtabharfaí féinriail d'Éirinn i 1912 eagraíodh feachtas láidir ina choinne le cabhair ón bPáirtí Coimeádach. Tugadh airm agus armlón i dtír i Latharna agus bhagair Óglaigh Uladh cogadh fuilteach dá leanfaí ar aghaidh leis an scéim féinrialaithe.

Nuair a chonaic náisiúnaithe na hÉireann an bhagairt seo cuireadh na Óglaigh na hÉireann ar bun agus tugadh airm i dtír ar an luamh Asgard i nDún Laoghaire. Rinne arm na Breataine iarracht na hairm sin a ghabháil agus maraíodh roinnt daoine sa scliúchas (níor cuireadh in éadan Óglaigh Uladh ar an mbealach céanna). Thosaigh Óglaigh na hÉireann ag earcú agus ag druileáil agus níorbh fhada go raibh na scórtha míle ball acu.

Nuair a bhris an chéad chogadh domhanda amach d'fhógair ceannaire an pháirtí Náisiúnach, John Redmond, go mbeadh na hÓglaigh sásta troid in aghaidh na Gearmáine, 'ar son saoirse na náisiún beaga'. Lean formhór na mball a chomhairle ach bhí dream eile ann, faoi cheannas Eoin Mac Néill agus Pádraig Mac Piarais a d'fhógair nach dtroidfidís ach ar son na hÉireann. Tugadh na hÓglaigh Náisiúnta orthu siúd a lean Redmond, agus Óglaigh na hÉireann ar an gcuid eile.

Maireann an t-ainm Óglaigh na hÉireann ar arm an stáit, agus úsáideann an dream ar a dtugtar i mBéarla an IRA, an t-ainm chomh maith.