An difríocht idir athruithe ar: "Meitreo Mhoscó"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é Meitreo Mhoscó (Rúisis: Московский метрополитен, Moskovskiy metropoliten) an dara meitreo is gnóthaí ar domhain i ndiaidh [[Meitreo Thóice...'
 
No edit summary
Líne 1:
Is é Meitreo Mhoscó (Rúisis: Московский метрополитен, Moskovskiy metropoliten) an dara meitreo is gnóthaí ar domhain i ndiaidh [[Meitreo Thóiceo|dhémheitreo]] [[Tóiceo|Thóiceo]]. Clúdaíonn Meitreo Mhoscó príomhchathair na Rúise beagnach go hiomlán. Osclaíodh an meitreo sa bhliain 1935 agus tá clú agus cáil aige maidir le dearadh ornáideach a stáisiún, lena n-áirítear roinnt shamplaí ealaín réalaíoch shóisialach sna stáisiúin.
 
==Forbhreathnú an Mheitreo==
Líne 6:
 
Ritheann an chuid is mó de na línte sa chóras idir lár-Mhoscó agus bruachbhailte na cathrach. Cruthaítear fáinne ciorclach leis an líne Koltsevaja agus nascann an líne sin roinnt línte eile sa chóras chun gluaiseachtaí paisinéirí a éascú. Mar sin, níl ar phaisinéirí taisteal go dtí lár na cathrach chun gluaiseacht timpeall an chórais.
 
 
 
Aithnítear gach aon líne le hinnéacs alfa-uimhriúil (de ghnáth ní bhíonn ach uimhir ann), ainm agus dath. Tagraíonn na fógraí gutha do na línte le hainm an líne, ach déantar tagairt do dhath na línte go comhráiteach, ach amháin Líne Kakhovskaja (uimhir 11) mar sannadh imir uaine dó atá an-chosúil do Líne Zamoskvoretskaja (uimhir 2), Líne Koltsevaja (uimhir 5) agus Líne Butovskaja (uimhir L1).