An difríocht idir athruithe ar: "Rásaíocht mótair"

Content deleted Content added
Iolar (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
No edit summary
Líne 14:
 
== Catagóirí ==
Is é an rásaíocht suíochán amháin (roth-oscailte) b'fhéidir an cineál mótarspórt is mó a bhfuil aithne air, le carranna atá dearbhaithe go príomha i gcóir rásaíocht luas-árd. Níl na rothaí clúdaithe agus bíonn eití eiteoga ar na carranna go minic sa tosach agus sa deiridh. Bíonn rasaí suíochán amháin ar siúl ar chúrsaí dúnta, a bhíonn dearbhaithe go priomha nó ar chúrsaí sráide a bhíonn dúnta don ócáid. Bíonn go leor rásaí suíochán amháin ar siúl i [[Meiriceá Thuaidh]] ar chúrsaí ubhchruth agus bíonn rásaí an [[Indy Racing League]] go h-ionduail ar chúrsaí ubhchruth. An cineál rásaíocht suíochán amháin is mó a bhfuil aithne air ná craobh domhanda an [[Formula 1]], ina mbíonn craobh bliantúil le carranna móra idirnáisiúnta agus déantúsóirí innill in iomaíocht teicneolaíochta agus scil tiománaí. Tharla an Chéad Grand prix i Le Mans sa bh[[Frainc]] in 1906 agus bhuaigh fear as an [[Ungáir]] dárbh ainm Francois Szisz i g[[carr]] Renault a rinne méan luas de 73.3 míle san uair.Sa bhliain 1950 thosaigh an chéad foirmle 1 agus comórtaisí Nascar, rud a d'fhág an spóirt seo ar luach saothair árd agus mór shuim idirnáisiúnta ann.Ba í [[Maria Teresa de Filippis]] an chéad bhean a ghlac páirt i gcomórtas Formula 1. Is é an rásaíocht Formula 1 an rásaíocht is coitianta san rásaíocht mótair agus gan aon amhras , an spórt is daoire sa domhan, le roinnt foirne ag caitheamh níos mó ná 200 milliún dollar Meiriceánach sa mbliain. Meastar go forleathan gur é an Formula 1 buaic an rásaíocht mótair, is suíochán i gcarr Formula 1 an pointe is airde i slíbheatha rásaíochta aon tiománaí.Sraith rásaíochta suíochán amháin eile ná an [[A1 Grand Prix]] (corn domhanda an rásaíocht mótair),[[GP2]] (ar a dtugtaí [[Formula 3000]] agus [[Formula Two]] air, [[Formula Nippon]], [[Formula Renault 3.5]], [[Formula Three]] agus [[Formula Atlantic]].Tá catagóirí eile rásaíochta suíochán amháin ann mar shampla [[Kart Racing]].Thosaigh go leor de na tiománaithe is cáiliúla agus is fearr a slíbheatha ins an gcineál seo carr.
 
== Rialacha Rásaíochta an Formula 1 ==