An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Cathasaigh"
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: ru:О'Кейси, Шон |
m litriú |
||
Líne 14:
==A Chéad Óige==
Saolaíodh Seán Ó Cathasaigh (''John Casey'', san am sin) ar a 85 Sráid Dorset Uachtarach i dTuaisceart Lár [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]]. Is minic a shíltear gur tháinig sé ar an bhfód i gceann de thionóntáin na mbocht a mbíonn an saol iontu á chardáil ina chuid drámaí. Le fírinne, áfach, breac-mheánaicme ab ea iad a mhuintir. [[Protastúnachas|Protastúnach]] a bhí ann, nó bhí sé ina bhall d'[[Eaglais na hÉireann]]. B'as [[Contae Chill Mhantáin]] dá thuismitheoirí ó thús, agus bhí a athair ag obair ina fhear
Tachtadh Mícheál, athair Sheáin Uí Chathasaigh, nuair a bhí sé ag ithe éisc
Ina mbuachaillí óga dóibh, chuireadh Seán agus a dheartháir mór, Archie, drámaí le [[Dion Boucicault]] agus le [[William Shakespeare]] i láthair sa bhaile. Rinne Seán páirt bheag in Amharclann na Meicneoirí, san áit a bhfuil [[Amharclann na Mainistreach]] inniu, ar an ''Shaughraun'' le Boucicault.
Líne 22:
==Cúrsaí Polaitíochta==
Ó bhí sé ag cur tuilleadh spéise sa náisiúnachas in imeacht an ama, chuaigh sé i g[[Conradh na Gaeilge]] sa bhliain 1906, agus d'fhoghlaim sé [[Gaeilge]]. Thairis sin, d'fhoghlaim sé na píoba uilleann a sheinm, agus é ar
I Márta 1914, rinneadh Ard-Rúnaí de d'[[Arm na Saoránach]]. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh [[Seán Ó Conghaile]] i gceannas ar an Arm. Ar an 24 Iúil 1914, d'éirigh sé as Arm na Saoránach.
Líne 30:
An chéad dráma leis an gCathasach ar glacadh leis le haghaidh stáitsiú, mar atá, ''The Shadow of a Gunman'' ("Scáil an Ghunnadóra"), léirigh Amharclann na Mainistreach é sa bhliain 1923. Ina dhiaidh sin, bhí baint ag an drámadóir agus ag an amharclann le chéile a chuaigh chun leasa don bheirt acu, ach tháinig cineál drochdheireadh leis an mbaint sin.
Is é is ábhar don dráma ná an dóigh a ndeachaigh an pholaitíocht réabhlóideach i gcion ar mhuintir na
Sa chéad cheann acu, caitear súil an lucht oibre, súil na mbocht, ar imeachtaí an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogaidh Chathartha]]. An dara ceann, arís, tá sé suite i mBaile Átha Cliath le linn [[Éirí Amach na Cásca]]. Leis an meánaicme ba mhó a bhain an tÉirí Amach sin, agus ní raibh mórán bainte ag na bochta leis.
Líne 44:
Na drámaí a scríobh sé ina dhiaidh sin, mar shampla, an dráma duairc fáthchiallach úd ''Within the Gates'' (1934); an ceann Cumannach ''The Star Turns Red'' (1940); an "choiméide sheachránach" ''Purple Dust'' (1942); agus ''Red Roses for Me'' (1943), bhí siad ag forbairt i dtreo an [[eisprisiúnachas|eisprisiúnachais]], i gcomparáid leis an stíl réadúil a chleacht sé i dtús a chaithréime, agus bhí an teachtaireacht Shóisialach ní ba láidre iontu.
Ní bhfuair na drámaí seo riamh an moladh ná an rath céanna agus an
Ag druidim le deireadh a shaoil dó, chaith an Cathasach cuid mhór dá dhúthracht le cúig imleabhar a dhírbheathaisnéise, saothar atá ag cur thar maoil le spraoi agus le spéisiúlacht.
|