An difríocht idir athruithe ar: "Art Ó Gríofa"

Content deleted Content added
m litriú
Líne 24:
 
== Óige ==
Ba i m[[Baile Átha Cliath]] a rugadh Art Ó Gríofa (nó Ó Gríobhtha) ar an 31 Márta 1871. Ba de shliocht Bhreatnach é agus fuair sé a chuid oideachais ó na [[Bráithre Críostaí]]. Bhí a athair ina chlódóir sa nuachtán ''[[The Nation]]'', agus bhí sé ar cdhuinedhuine de na fostaithe a glasáladh amach le linn aighneas tionslaíochtationsclaíochta go luath sna [[1890í]]. Chaith Art é féin tamall ag obair mar chlódóir roimhsula dhulndeachaigh sé isteach i g[[Conradh na Gaeilge]], agus i m[[Bráithreachas na Poblachta|Bráíthreachas na Poblachta]], (an IRB). Bhuail an eitinn é agus chuaigh sé go dtí an [[Afraic Theas]] ar feadh bliana ar mhaithe lena shláinte. Thug sé tacaíocht do [[na Bóraigh]] ina n-iarrachtaí a neamhspleáchas a chosaint ón m[[Breatain]] agus bhí an-mheas aige ar [[Paul Kruger]].
 
Ar theacht ar ais go hÉirinn dó i [[1899]], bhunaigh sé nuachtán darbh ainm ''[[The United Irishman]]''. Bhí Ó Gríofa an-ghéar ar fad ina ionsaithe ar Pháirtí Parlaiminteach a linne, ach níor liobrálach ná [[sóisialach]] ar dhóigh ar bith é féin. Mheas sé go raibh córas impiriúil na [[Rúis]]e agus na [[Gearmáine]] níos fearr ná córas na Breataine. Bhunaigh sé eagraíocht darbh ainm [[Cumann na nGaedheal]] chun cur i gcoinne chuairt rí [[Shasana]] ar ÉirinÉirinn i [[1904]].
 
Chuaigh Cumann na nGaedheal i bpáirt le heagraíochtaí eile i [[1905]] agus bunaíodh Sinn Féin. Cuireadh an dlí ar pháipéar Uí Ghríofa, ''The United Irishman'' agus dúnadh é, ach thosaigh sé nuachtán eile faoin teideal Sinn Féin láithreach bonn. Páipéar laethúil a bhí ann go dtí gur cuireadh faoi chois é [[1914]].
 
== Sinn Féin ==
D'fhógair Ó Gríofa go raibh [[Acht an Aontais]] idir Éire agus an Bhreatain mídhleathach, agus mar sin gur démhonarcacht a bhí ar bun go dleathach go fóill, is é sin go raibh dhá ríocht a bhí ar chomhchéim le chéile ann, Éire agus an Bhreatain, seachas [[an Ríocht Aontaithe]] a fógraíodh in [[1801]]. D'fhoilsigh sé leabarleabhar darbhdarb ainm ''[[The Resurrection of Hungary]]'' faoin dóigh a raibh démhonaracht ar bun idir [[an Ostair]] agus [[an Ungáir]]. Cé nár mhonarcach é féínféin, chreid Ó Gríofa go mbeadh na Sasanaigh sásta le socrú den chineál sin a thabharthach comhstádas d'Éirinn seachas í a bheith scartha amach ar fad uaithi. Níor thug mórán daoine in Éirinn tacaíocht don smaoineamh áfach, mar gur theastaigh poblacht neamhspleách uathu. Bhí ceannairí náisiúnacha eile sásta glacadh lena chomhairle maidir le staonadh ó dhul go [[Londain]] dá dtoghfaí chun na Parlaiminte iad, agus parlaimint a fhógairt i mBaile Átha Cliath. Chuaigh baill de Bhráithreachas na Poblachta isteach i Sinn Féin chun a dtuairimí féin a bhrú chun cinn.
 
== Éirí Amach ==
[[Íomhá:Anglo-Irish Treaty Griffith annotated2.gif|deas|250px|thumb|Leathanach ón g[[Conradh Angla-Éireannach]], leis a théacs fhéinféin scríobtha air.]]
Faoi threoir bhaill de Bhráithreachas na Poblachta, eagraíodh [[Éirí Amach na Cásca]] i [[1916]], agus cuireadh faoi chois go mear é. Thug na Sasanaigh 'Éirí Amach Shinn Féin' ar an eachtra cé nach raibh aon bhaint ag an bpáirtí leis. Cuireadh na sluaite i ngéibheann agus nuair a tháinig siad amach as an phríosún i [[1917]] chuaigh an-chuid acu isteach i Sinn Féin, agus é ar intinn acu an phoblacht a chur chun cinn. Tar éis roinnt mhaith argóna, glacadh leis go n-éileofaí poblacht agus go bhfágfaí faoin phobal tacú leis an éileamh sin nó le dearcadh Uí Ghríofa.
 
== Cogadh na Saoirse ==
Toghadh Ó Gríofa ina bhall Parlaiminte (MP) don [[ChábhánChabhán]] Thoir i bhfothoghchán i lár [[1918]], agus bhí bua éasca ag Sinn Féin san olltoghchán an bhliain dar gcionn. Chuir teachtaí Shinn Féin [[Dáil Éireann]] ar bun mar pharlaimint neamhspleách i mBaile Átha Cliath agus fógraíodh [[Poblacht na hÉireann]] in athuair. Thosaigh [[Cogadh na Saoirse]] nuair nach n-athnódhaithneodh rialtas na Breataine an [[Dáil]]. Tar éis cúpla bliain den chogaíocht bhí sos cogaidh ann agus chuir an Dáil toscaireacht chun na Breataine chun réiteach a lorg. Bhí Art Ó Gríofa i gceannas ar an toscaireacht agus fonn láidir air teacht chun réitigh. Shínigh sé Conradh nár thug neamhspleáchas iomlán d'Éirinn, agus a rinne críochdheighilt ar an tír, agus ní raibh [[Éamonn de Valera]] ná teachtaí eile sásta leis sin. Bhí teannas uafásach sa tír, d'éirigh de Valera as oifig mar uachtarán agus ghlac Ó Gríofa a áit, ach rinne an t-achrann an-dochar dá shláinte agus fuair sé bás de rith fola san inchinn ar an 12 Lúnasa 1922.
 
Scríobh [[Sean Ó Lúing]] beathaisnéis chuimsitheach faoi.