An difríocht idir athruithe ar: "Otto von Bismarck"

Content deleted Content added
m →‎Óige: nasc
Líne 26:
''Junker'', nó mionuaisle Prúiseacha ab ea iad muintir Bismarck. Rugadh Otto i Schönhausen in aice le [[Stendal]] ar an gcéad lá de Mhí Aibreáin 1815, agus tháinig sé i gcrann i Kniephof sa [[An Phomaráin|Phomaráin]] (lámh le Nowogard i b[[An Pholainn|Polainn]] an lae inniu), nuair a tháinig a athair Ferdinand i seilbh eastát eile i ndiaidh bhás a sheanuncail. Bhí sé seacht mbliana d'aois, nuair a chinn a mháthair Wilhelmine (''née'' Mencken) filleadh ar [[Beirlín|Bheirlín]], agus thug sí Otto, an mac ba sine aici darbh ainm Bernhard, agus a hiníon Malwine léi.
 
D'fhreastail Otto ar an meánscoil úd ''Gymnasium zum Grauen Kloster''. Ansin, tháinig sé i dteagmháil le baill de rítheaghlach na Prúise, mar atá, muintir Hohenzollern. Ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an dlí ar Ollscoil Georg August i nGöttingen. Bhí clú an liobrálachais ar an ollscoil. Le linn a staidéir ansin, bhí Otto óg ina bhall de Corps Hannovera, cumann mac léinn a chleachtadh [[pionsóireacht]], agus ba mhinic a chonacthas an claíomh i lámh Otto. Ina dhiaidh sin, d'aistrigh sé go hOllscoil Friedrich Wilhelm i mBeirlín, áit ar bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain 1835. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé i mbun oibre ina oifigeach cánach sa státseirbhís in [[Aachen]]. Ní raibh obair an státseirbhísigh ag éirí go rómhaith leis, áfach, nó bhí sé róthugtha do na cailíní agus don chearrbhachas. Sa bhliain 1838, chuaigh sé sna saighdiúirí go ceann bliana. Chaith sé an chuid ba mhó den tréimhse i nGreifswald, áit a raibh deis aige eacnamaíocht talmhaíochta a fhoghlaim.
 
Sa bhliain 1839, fuair a mháthair bás. Ansin, shocraigh sé síos san eastát talmhaíochta le dul le feirmeoireacht. Thug seisean agus a dheartháir Bernhard aire don trí eastát a bhí ag a n-athair, mar atá, Kniephof, Jarchlin, agus Külz. Nuair a toghadh Bernhard ina bhall den ''Landrat'' (comhairle an chúige) sa bhliain 1841, fágadh Kniephof agus Külz faoi Otto, agus ba é Bernhard a fuair Jarchlin. Ba é an t-athair a bhí i mbun na dtailte i Schönhausen. Sa bhliain 1845, arís, cailleadh an t-athair, agus thit sé ar chrann Otto aire a thabhairt do sheilbh an teaghlaigh i Schönhausen féin.