An difríocht idir athruithe ar: "Roman Polański"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 4:
Faoin am chéanna, chuaigh sé go dtí an Fhrainc, áit a ndearna sé cúpla scannán, ach bhí sé barúlach nach raibh gnó na scannánaíochta sa tír sin fáilteach roimh scannánaí nua ón gcoigríoch, agus sa bhliain 1965, d'aistrigh sé go Sasana. Rinne sé scannáin ansin i gcomhoibriú leis an scriptscríbhneoir Francach Gérard Brach: ''Repulsion'' sa bhliain 1965, ''Cul-de-Sac'' sa bhliain 1966, agus ''The Fearless Vampire Killers'' sa bhliain 1967. Ina dhiaidh sin, chuaigh Polański go dtí na Stáit Aontaithe.
 
Ba é ''Rosemary's Baby'' an chéad scannán a stiúir sé thall ansin. Sa bhliain 1969, mharaigh [[Charles Manson]] agus a lucht leanúna Sharon Tate, an t-aisteoir óg mná a raibh Polański pósta uirthi ag an am. Ina dhiaidh sin, thréig Polański na Stáit Aontaithe go ceann tamaill, agus d'fhill sé ar an Eoraip. Chuaigh a leagan de thragóid [[Macbeth (dráma)|Mhic Bheatha]] le [[William Shakespeare]] ar an scáileán sa bhliain 1971. Bhí na léirmheastóirí idir dhá chomhairle faoi chomh lán le foréigean a bhí an scannán, chomh maith leis an léiriú nua-aimseartha a bhí ag an stiúrthóir ar an dráma - léiriú a bhí go mór faoi thionchar an amharclannaí Pholannaigh [[Jan Kott]] agus a leabhair ''Szekspir współczesny'' ("Shakespeare comhaimseartha").
 
Rinne sé ionsaí gnéis ar pháiste 13 bliain d'aois i Los Angeles sa bhliain 1977.