An difríocht idir athruithe ar: "Mark Twain"

Content deleted Content added
Líne 27:
Shaothraigh Sam óg a chuid ag píolótaíocht long go dtí gur thosaigh cogadh cathartha na Stát Aontaithe sa bhliain 1861. Ansin, cuireadh srianta leis an loingseoireacht abhann, agus b'éigean do mo dhuine éirí as an gceird. Ar dtús, chaith sé dhá sheachtain ina óglach ag troid ar son an Deiscirt mar dhea, ach ansin, thréig sé an feachtas sin agus lean sé a dheartháir go dtí [[Nevada]], áit a raibh post faighte ag Orion ina rúnaí do ghobharnóir na críche (ní raibh Nevada ina stát go fóill). Chaith Sam agus Orion dhá sheachtain ag taisteal i gcóiste na litreach, agus spreag an turas fada seo Sam chun [[iriseoireacht]]a. Tá na leabhair ''Roughing It'' agus ''The Celebrated Jumping Frog of Calaveras County'' bunaithe ar eachtraí Sam sa tréimhse seo dá shaol.
 
Shocraigh Sam Clemens faoi i Virginia City, Nevada, agus bhain sé triail as saol an mhianadóra ansin. Ní raibh mórán maithe ann ag mianadóireacht, ach fuair sé post ag an nuachtán áitiúil, an ''Territorial Enterprise''. Ansin a bhaist sé "Mark Twain" air féin freisin. Fuair sé an t-ainm seo ó theanga na loingseoireachta, nó is ionann ''mark twain'' agus marc a dó, is é sin, doimhneacht dhá fheá.
 
Sa bhliain 1864, chuaigh Mark Twain go San Francisco, agus casadh scríbhneoirí óga eile air ansin, ar nós Bret Harte nó Artemus Ward. Is féidir go raibh cumann grá éigin aige leis an mbanfhile óg Ina Coolbrith. Faoin am sin a bhain Twain amach an chéad chlú, nó foilsíodh an scéal ''The Celebrated Jumping Frog of Calaveras County'' ar an 18 Samhain 1865 ar an ''New York Saturday Press''. An bhliain ina dhiaidh sin, chuaigh sé go dtí Oileáin Sandwich (inniu, [[Haváí]]), agus scríobh sé scéalta taistil faoi na hoileáin a thabhaigh tuilleadh clú dó mar scríbhneoir.
 
Sa bhliain 1867, mhaoinigh nuachtán áitiúil cuairt ar thíortha na Meánmhara dó. Ar an turas seo a bhreac sé síos sraith de litreacha taistil a foilsíodh faoi chlúdach leabhair faoin teideal ''The Innocents Abroad''. Ansin a fuair sé aithne ar Mheiriceánach óg darbh ainm Charles Langdon, agus nuair a thaispeáin Charles pictiúr a dheirféar Olivia (Livy) dó, thit Twain i ngrá leis an gcailín ar an toirt.