An difríocht idir athruithe ar: "An Mhalagáisis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Teanga Mhalae-Pholainéiseach í an '''Mhalagáisis''' arb í an teanga is coitianta i [[Madagascar]]. Níl gaol ná lúb ghaoil aici leis na teangacha a labhraítear i mór-roinn na hAfraice, nó tháinig an teanga ó Bhoirneo ar dtús, agus is i mBoirneo a chloistear teangacha gaolmhara. Is í an teanga ''Ma'anyan'' chois Abhainn Barito i m[[Boirneo]] an teanga is cosúla leis an Malagáisis atá ann.
 
Tá an teanga ó dhúchas ag fiche milliún duine, a bheag nó a mhór, nó formhór mór mhuintir Mhadagascar.
 
Fuair an Mhalagáisis a lán focal ar iasacht ón [[Araibis]], ón bh[[Fraincis]] agus ó na teangacha Afracacha, ach ní bhaineann siad den dúchas Pholainéiseach atá so-aitheanta ar an teanga i gcónaí. Nuair a tháinig na Francaigh go Madagascar, fuair siad rompu leagan den aibítir Arabach in úsáid ag na Malagásaigh, ach inniu, is í an aibítir Laidineach is mó a úsáidtear leis an teanga a scríobh. Ba é aistriúchán an Bhíobla an chéad leabhar a foilsíodh sa litriú seo, agus ba iad na misinéirí Sasanacha a d'aistrigh agus a chuir i gcló é, thiar sa bhliain 1835. Is léir, áfach, go raibh béal-litríocht, scéalaíocht, agus seanchas dá gcuid féin ag na Malagásaigh roimhe sin féin, go háirithe an laoi faoin laoch úd ''Ibonia'', a cuireadh i gcló ina lán díolamaí litríochta ón Afraic.