An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Malae-Pholainéiseacha"

no edit summary
Fine teangacha iad na '''teangacha Malae-Pholainéiseacha''' a labhraítear ar fud na hAigéine agus in Oir-Dheisceart na hÁise. Sa chiall is cruinne, ní fine teangacha neamhspleách iad ach cuid d'fhine na dteangacha Astrainéiseacha, ach le fírinne, tá an chuid eile de na teangacha Astrainéiseacha á labhairt in oileán na Téaváine, nó ba as [[an Téaváin]] a chuaigh an fhine teangacha seo ar fud na hAigéine.
 
Baineann na teangacha seo an-úsáid as an eamhnú mar chuid den chóras gramadaí, cf. ''wiki-wiki'' na Haváíse a chiallaíonn "go luath ar fad" - is é ''wiki'' an focal Haváíse ar "luath, gasta". (As an bhfocal seo a fuair an Vicipéid a hainm.) Bíonn siad simplí ó thaobh na foghraíochta de - ní bhíonn siad saibhir i gconsain ná i ngutaí, agus ní cheadaíonn siad comhcheangail chonsan ar nós [str] nó [mpt].
==Na teangacha Indi-Mheilinéiseacha==
 
Tá dhá chraobh sa ghrúpa seo freisin, mar atá, na teangacha Boirneacha agus na teangacha Malae-Pholainéiseacha sa chiall chúng. Is í an Mhalagáisis, teanga dhúchais mhuintir Mhadagascar, an ceann is mó de na teangacha Boirneacha. Maidir leis na teangacha Malae-Pholainéiseacha Núicléacha - na teangacha Malae-Pholainéiseacha sa chiall chúng - is orthu a airítear [[an Mhaorais]], [[an Haváís]], an Indinéisis agus an Mhalaeis, mar shampla. (Is ionann iad, beagnach, [[an Indinéisis]] agus [[an Mhalaeis]].)