An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Malae-Pholainéiseacha"

Content deleted Content added
No edit summary
Rang
Líne 1:
[[Fine teangacha]] iad na '''teangacha Malae-Pholainéiseacha''' a labhraítear ar fud na hAigéine agus in Oir-Dheisceart na hÁise. Sa chiall is cruinne, ní fine teangacha neamhspleách iad ach cuid d'fhine na dteangacha Astrainéiseacha, ach le fírinne, tá an chuid eile de na teangacha Astrainéiseacha á labhairt in oileán na Téaváine, nó ba as [[an Téaváin]] a chuaigh an fhine teangacha seo ar fud na hAigéine.
 
Baineann na [[teanga (cumarsáid)|teangacha]] seo an-úsáid as an eamhnú mar chuid den chóras gramadaí, cf. ''wiki-wiki'' na Haváíse a chiallaíonn "go luath ar fad" - is é ''wiki'' an focal Haváíse ar "luath, gasta". (As an bhfocal seo a fuair an Vicipéid a hainm.) Bíonn siad simplí ó thaobh na foghraíochta de - ní bhíonn siad saibhir i gconsain ná i ngutaí, agus ní cheadaíonn siad comhcheangail chonsan ar nós [str] nó [mpt].
 
Roinntear na teangacha seo ina dhá bpríomhghrúpa: na teangacha Súlú-Fhilipíneacha agus na teangacha Indi-Mheilinéiseacha. Aithnítear dhá fhochraobh i ngach ceann acu.
Líne 12:
 
Tá dhá chraobh sa ghrúpa seo freisin, mar atá, na teangacha Boirneacha agus na teangacha Malae-Pholainéiseacha sa chiall chúng. Is í an Mhalagáisis, teanga dhúchais mhuintir Mhadagascar, an ceann is mó de na teangacha Boirneacha. Maidir leis na teangacha Malae-Pholainéiseacha Núicléacha - na teangacha Malae-Pholainéiseacha sa chiall chúng - is orthu a airítear [[an Mhaorais]], [[an Haváís]], an Indinéisis agus an Mhalaeis, mar shampla. (Is ionann iad, beagnach, [[an Indinéisis]] agus [[an Mhalaeis]].)
 
[[Catagóir:Fine Teangacha]]
 
[[en:Malayo-Polynesian languages]]
[[br:Yezhoù malayek-polinezek]]
[[ca:Llengües malaiopolinèsies]]
[[cs:Malajsko-polynéské jazyky]]
[[cy:Ieithoedd Malayo-Polynesaidd]]
[[de:Malayo-Polynesische Sprachen]]
[[es:Lenguas malayo-polinesias]]
[[fr:Langues malayo-polynésiennes]]
[[gl:Linguas malaio-polinesias]]
[[ko:말레이폴리네시아어파]]
[[hr:Malajsko-polinezijski jezici]]
[[id:Rumpun bahasa Melayu-Polinesia]]
[[it:Lingue maleo-polinesiache]]
[[lv:Malajiešu-polinēziešu valodas]]
[[lt:Malajų-polineziečių kalbos]]
[[nl:Malayo-Polynesische talen]]
[[ja:マレー・ポリネシア語派]]
[[no:Malayopolynesiske språk]]
[[oc:Lengas malaiopolinesianas]]
[[pl:Języki malajsko-polinezyjskie]]
[[pt:Línguas malaio-polinésias]]
[[ru:Малайско-полинезийские языки]]
[[sh:Malajsko-polinezijski jezici]]
[[fi:Malaijilais-polynesialaiset kielet]]
[[sv:Malajo-polynesiska språk]]
[[ta:மலாய-பொலினீசிய மொழிகள்]]
[[th:ภาษากลุ่มมาลาโย-โพลีเนเซีย]]
[[zh:马来-波利尼西亚语族]]