An difríocht idir athruithe ar: "Katyn"

Content deleted Content added
RóC (plé | dréachtaí)
No edit summary
RóC (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is baile beag i Katyn suite in aice le [[Smolensk]] in Iarthar na [[An Rúis|Rúise]]. Nuair a d'ionsaigh arm na Gearmáine an [[An Pholainn|Pholainn]] i Mí Mheán Fómhair 1939, tháinig na Sóivéadaigh isteach ón taobh eile, agus sa deireadh, chuaigh críochdheighilt ar an bPolainn de réir na teorainn a bhí socraithe ag an nGearmáin agus ag an Aontas Sóivéadach roimhe sin. Bhí an Pholainn cloíte ag an nGearmáin agus ag an [[Aontas Sóivéadach]] in éineacht, agus fágadh cuid mhór saighdiúirí Polannacha i mbraighdeanas sa Rúis.
 
Ar an 5 Márta 1940 shínigh [[Lavrentiy Beriya|Beriya]], ceannasaí na bhfórsaí slándála san Aontas Sóivéadach, ordú chun na mílte oifigeach agus sibhialtach Polannach a mharú faoi cheilt. Déanadh cuid mhaith den dúnmharú i coillte gKatyn. Is deacair a rá cé mhéid a maraíodh ansin, ach is dócha go raibh timpeall ocht míle oifigeach airm agus 21,768 daoine go h-iomláin idir Katyn agus áiteanna eile.