An difríocht idir athruithe ar: "Gaoth Dobhair"

Content deleted Content added
cata
No edit summary
Líne 61:
Tá tábhacht mhór ag spórt i saol an pharóiste, mar shampla [[peil Ghaelach]], [[sacar]], [[galf]] agus a leithéidí. Tá [[CLG]] Ghaoth Dobhair ann a thugann áiseanna peile Gaelaí ar fáil do dhaoine sa cheantar, agus tá na clubanna sacair Ceiltigh Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair Aontaithe agus Ceiltigh Dhún Lúiche. Tá neart peileadóirí iomráiteacha sa cheantar ar nós Hugh Rua Gallagher, Niall Ó Gallchóir, Jack Phaddy Óig, Jim Mc Fadden, Kevin Cassidy, Antoin Carroll, Hiúdaí Beag Ó Gallchóir agus Hughie Tim Boyle. Is as Gaoth Dobhair máthair agus seanmháthair na peileadóirí Albanacha [[Pat Crerand]] agus [[Aiden McGeady]].
 
==Na h-ealaíonahealaíona==
 
Tá aird [[An Domhan|an domhain]] tarraingte ag ceoltóirí Ghaoth Dobhair ar an pharóiste. Cruthaíodh an grúpa ceoil [[Clannad]] sa bhliain [[1970]], agus ó shin tá breis agus 20 milliún ceirnín díolta acu. Thosaigh an grúpa [[Altan]] i nGaoth Dobhair fosta, agus tagann an príomh-amhránaí [[Mairéad Ní Mhaonaigh]] ó Chois Claidí. Is dócha gurb í Eithne Ní Bhraonáin, nó [[Enya]] ab fhearr aithne uirthi, an ceoltóir is clúití ó Ghaoth Dobhair, thosaigh sí ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair le linn a hóige agus anois tá níos mó ná 75 milliún ceirnín díolta aici. Tá clú agus cáil ar cheoltóirí eile on pharóiste, is iad [[Aoife Ní Fhearraigh]], Brídín Brennan, Maria McCool, Gearóidín Breathnach, [[Na Casaidigh]], Proinsias Ó Maonaigh, agus Seamus McGee. Bhí nasc mór ag Gaoth Dobhair leis an ghrúpa [[Skara Brae]] fosta. Tá dhá chór ghníomhacha sa pharóiste, Cór Mhuire Dhoirí Beaga (a stiúrú ag Máire 'Baba' Bn. Uí Bhroanáin agus Eibhlín Nic Suibhne) agus Cór Thaobh a' Leithid (a stiúrú ag Doimnic Mac Giolla Bhríde). Tá albaim eisithe ag an dá dhream.